Seoladh an chéad Straitéis Inscne, Comhionannais, Éagsúlachta agus Cuimsitheachta d'earnáil na meán


Tá an Straitéis bunaithe ar mholtaí an Choimisiúin um Thodhchaí na Meán agus ar thaithí saoil na ndaoine atá ag obair laistigh dár n-earnáil meán
Sheol Catherine Martin TD, an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán Straitéis Inscne, Comhionannais, Éagsúlachta agus Cuimsitheachta Choimisiún na Meán.
Tá an Straitéis bunaithe ar mholtaí an Choimisiúin um Thodhchaí na Meán agus ar thaithí saoil na ndaoine atá ag obair laistigh dár n-earnáil meán.
Chuir an tAire fáilte roimh an Straitéis mar phríomhchéim i dtreo a chinntiú go bhfuil tionscal na meán inrochtana, cuimsitheach agus ionadaíoch dár sochaí.
Beidh sé mar aidhm ag an Straitéis, atá ar an gcéad cheann dá leithéid don tionscal, cultúr comhionannais agus cuimsitheachta a chothú sna meáin agus is toradh í ar chlár fairsing oibre a rinne Coimisiún na Meán le roinnt blianta anuas a chuimsigh comhairliúchán leathan le príomhionadaithe earnála.
I measc príomh-bhuaicphointí na Straitéise tá:
- Bailiú, monatóireacht agus foilsiú sonraí comhionannais, éagsúlachta agus cuimsitheachta (CÉC) ag meáin seirbhíse poiblí
- Caighdeáin CÉC a fhorbairt trasna ábhar meán
- Oideachas agus oiliúint éagsúlachta
- Deiseanna fostaíochta níos cothroime
- Inrochtaineacht níos fearr san earnáil agus
- Léiriú níos cruinne ar shochaí na hÉireann sna meáin