Rabhadh tugtha ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte faoi leagan úr de Covid-19


Tá rabhadh tugtha ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte faoi leagan úr de Covid-19 darbh ainm Eris, a dúirt siad atá bainteach le 644 cás nua den víreas le seachtain anuas, méadú de 50% ar an tseachtain roimhe sin.
Bhí baint aige freisin le babhtanna in ospidéil.
Deirtear nach bhfuil srianta sláinte poiblí á bpleanáil ag an Rialtas, i láthair na huaire.
Ag labhairt dó ar Morning Ireland ar RTÉ, dúirt Príomhoifigeach Cliniciúil an HSE an Dr Colm Henry go n-athraíonn víris agus go bhfuil seo le feiceáil sna hotharlainn.