Plean Teanga do Chaisléan an Bharraigh seolta go hoifigiúil


Is é an sprioc atá leis an bPróiseas Pleanála Teanga agus leis na pleananna teanga mar uirlisí den phróiseas sin, an Ghaeilge a láidriú mar theanga theaghlaigh agus mar theanga phobail
Sheol an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus na Gaeltachta, Dara Calleary, Plean Teanga Bhaile Seirbhíse na Gaeltachta, Caisleán an Bharraigh i gContae Mhaigh Eo, go hoifigiúil.
Is é an sprioc atá leis an bPróiseas Pleanála Teanga agus leis na pleananna teanga mar uirlisí den phróiseas sin, an Ghaeilge a láidriú mar theanga theaghlaigh agus mar theanga phobail.
Is é Gnó Mhaigh Eo ceanneagraíocht an phlean seo agus a bhí i gceannas ar an bplean teanga a chur i dtoll a chéile agus an próiseas pleanála teanga a bhunú sa Bhaile.
Cuirfidh an plean teanga seo le húsáid agus le feiceálacht na Gaeilge sa bhaile agus fostaíodh Máire Ní Fhearraigh, Oifigeach Pleanála Teanga, chun an plean a chur i bhfeidhm faoi chúram na heagraíochta.
LÉIGH FREISIN: PICTIÚIRÍ: An raibh Bono uait mar chomharsa riamh? Tá an teach seo in aice lena dhriogllann ar fáil le ceannach
Agus an plean á sheoladh aige dúirt an tAire Calleary: “Ba mhaith liom tréaslú le Gnó Mhaigh Eo - Ceanneagraíocht an Bhaile Seirbhíse Gaeltachta agus le gach duine a bhí bainteach leis an bplean teanga a chur le chéile do Chaisleáin an Bharraigh.
“Ach an oiread leis na pleananna ar fad atá á gcur i bhfeidhm cheana féin, tabharfar deiseanna faoi phlean teanga Chaisleán an Bharraigh do mhuintir an bhaile seo a bheith lárnach san iarracht bhreise is gá a dhéanamh chun go rachaidh an Ghaeilge ar aghaidh go slán, sábháilte chuig na glúine atá le teacht.
“Mar Aire na Gaeltachta, bhain mé an-taitneamh as bualadh leo siúd atá páirteach sa phlean teanga agus atá ag obair chun an Ghaeilge a chur chun cinn.
“Táim ag súil le mo chuairteanna leanúnacha ar na ceantair Ghaeltachta agus ar bhailte agus ar chathracha eile a bheidh ag seoladh a bpleananna teanga amach anseo, agus ba mhaith liom mo lua a ghealladh do na grúpaí agus na eagraíochtaí atá ag obair san earnáil seo.”