Ómós léirithe ag Uachtarán don iar-aire Niamh Breathnach a bhásaigh ar an Luan

placeholder image

Léirigh an tUachtarán Michael D Higgins ómós don iar-aire oideachais Niamh Bhreathnach a fuair bás ar an Luan. 

Bhí sí 77 bliain d'aois nuair a bhásaigh sí. Bhí aithne forleitheadach ar Bhean Uí Bhreathnach de bharr gur í a chuir deireadh le táillí tríú leibhéal i 1996. 

Bhí sí ina bhall do pháirtí an Lucht Oibre agus ina Theachta Dála do cheantar Dhún Laoghaire.  

Ceapadh ina aire sinsearach í ar a chéad lá sa Dáil. 

Dúirt an tUasal Ó hUigínn gur fhág sí a lorg ar an chóras oideachais. Dúirt sé gur Niamh an chéad pholaiteoir de chuid an Lucht Oibre a ghlac post mar aire oideachais, rud a raibh tábhacht stairiúil ag baint leis.placeholder image
Dúirt an tUasal Ó hUigínn gur fhág sí a lorg ar an chóras oideachais. Dúirt sé gur Niamh an chéad pholaiteoir de chuid an Lucht Oibre a ghlac post mar aire oideachais, rud a raibh tábhacht stairiúil ag baint leis.

Dúirt an Tánaiste Micheal Martin go raibh Niamh díograiseach agus tiomanta i dtreo an oideachais agus dírithe go mór chun a léasú.

“Bhí Niamh i gcónaí cúirtéiseach agus cineálta, agus an-tiomanta don tseirbhís phoiblí.”

Related topics:
Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice