Nuashonrú eisithe ag na Gardaí maidir le hoibríocht chuardaigh Jo Jo Dullard agus Deirdre Jacob


Bhí an Foireann Athbhreithnithe ar Choireacht Thromchúiseach, Biúró Náisiúnta an Gharda um Imscrúdú Coiriúil le tacaíocht ó Bhiúró Teicniúil Náisiúnta an Gharda agus acmhainní áitiúla ó Roinn Chill Dara i gceannas ar an oibríocht chuardaigh de réir mar is gá
Dúirt Gardaí atá ag fiosrú imeacht agus dúnmharuithe Jo Jo Dullard agus Deirdre Jacob go bhfuil siad tar éis críoch a chur le hoibríocht chuardaigh ar thalamh oscailte ag suíomh i gCo. Chill Mhantáin.
Tá teaghlaigh Jo Jo Dullard agus Deirdre Jacob cothrom le dáta maidir le toradh na gcuardach seo.
Dúirt na Gardaí nach scaoilfear torthaí na gcuardach seo ar chúiseanna oibríochtúla.
Bhí an Foireann Athbhreithnithe ar Choireacht Thromchúiseach, Biúró Náisiúnta an Gharda um Imscrúdú Coiriúil le tacaíocht ó Bhiúró Teicniúil Náisiúnta an Gharda agus acmhainní áitiúla ó Roinn Chill Dara i gceannas ar an oibríocht chuardaigh de réir mar is gá.
I mí Feabhra, rinneadh cuardach freisin ag cairéal idir Bealach Conglais agus Dún Luáin.
An uair sin, thug gaolta na mban ar iarraidh cuairt ar an láthair chuardaigh.
Deir an Garda Síochána go leanann siad orthu ag achomharc chuig aon duine a bhfuil aon fhaisnéis acu, is cuma cé chomh beag nó neamhshuntasach is a chreideann siad atá sí, teagmháil a dhéanamh le stáisiún Garda Chill Dara ar 045 527 730 nó le haon stáisiún Garda.
Ba chóir d’aon duine ar mian leis faisnéis a sholáthar faoi rún teagmháil a dhéanamh le Líne Rúnda na nGardaí ar 1800 666 111.