Search

06 Sep 2025

‘Gradam an Uachtaráin’ le bronnadh ar Éamon Ó Cuív ag Ard-Fheis Conradh na Gaeilge

Gradam d’Oibrí Deonach Náisiúnta na bliana le bronnadh ar Dhónall Ó Cnáimhsí

‘Gradam an Uachtaráin’ le bronnadh ar Éamon Ó Cuív ag Ard-Fheis Conradh na Gaeilge

Tá an Ard-Fheis ar siúl in Óstán Whites, Baile Loch Garman

Beidh Gradam an Uachtaráin le bronnadh ar Éamon Ó Cuív ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge an deireadh seachtaine seo.

Tá an Ard-Fheis ar siúl in Óstán Whites, Baile Loch Garman. Duais bhliantúil is ea é ‘Gradam an Uachtaráin’ a bhronntar ar dhuine ar leith a bhfuil éachtaí déanta acu ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta, roghnaithe ag Uachtarán Chonradh na Gaeilge. 

Chláraigh Éamon Ó Cuív mar bhall de Chonradh na Gaeilge agus é ina mhac léinn Ollscoile. Chaith sé tréimhse ar Choiste Gnó Chonradh na Gaeilge agus seal timpeall 6 mhí ag obair leis an eagraíocht fosta.

Bhí Éamon Ó Cuív ina Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta ó 2002-2010, agus chaith sé seal mar aire stáit don Ghaeltacht roimhe sin. Ceapadh Éamon ansin ina Aire Coimirce Sóisialaí idir 2010-2011, i measc Aireachtaí eile.

D’éirigh Éamon as an pholaitíocht in 2024 i ndiaidh dó 32 bliain a chaitheamh mar TD do Ghaillimh Thiar agus 3 bliana roimhe sin mar Sheanadóir. Aithnítear Éamon Ó Cuív mar dhuine de mhór-pholaiteoirí a linne a bhrúigh ceist na Gaeilge agus na Gaeltachta chun cinn.

Le linn a ré mar Aire a bhí freagrach as cúrsaí Gaeltachta, bhí ról lárnach aige i bhforbairt na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge, in Acht na dTeangacha Oifigiúla a thabhairt isteach agus i mbunú Oifig an Choimisinéara Teanga, i measc go leor, leor eile. 

Osclaíodh Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge oíche Dé hAoine agus an Príomhaitheasc á thabhairt ag Aire na Gaeltachta, Coimirce Sóisialaí agus Forbartha Tuaithe agus Pobail, Dara Calleary, TD.

Dé Sathairn, mar chuid de ghnó na hArd-Fheise, déanfar plé ar na rúin atá molta ag craobhacha agus baill Chonradh na Gaeilge, toghfar Uachtarán agus Coiste Gnó don bhliain romhainn, seolfar Seachtain na Gaeilge le Energia i lár an bhaile, agus beidh Tionól speisialta do na mic léinn, i measc neart imeachtaí eile.

Chuirfear clabhsúr ar an Ard-Fheis le dinnéar do na teachtaí go léir, áit a mbronnfar Gradam an Uachtaráin ar Éamon Ó Cuív, mar aon le Gradam d’Oibrí Deonach Náisiúnta na bliana ar an ghníomhaí pobail Dónall Ó Cnáimhsí as ucht na sár-oibre atá déanta aige leis an Ghaeilge agus an Ghaeltacht a chur chun cinn, ní amháin in Iar-Thuaisceart Dhún na nGall, ach ar fud na tíre. 

Ag labhairt ar Ghradam an Uachtaráin, dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Paula Melvin: “Is mór an onóir dom féin agus do Chonradh na Gaeilge an gradam speisialta seo a bhronnadh ar Éamon Ó Cuív, fear a chaith a shaol ag troid ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta. Bhí Éamon Ó Cuív lárnach i gcur chun cinn go leor de na mór uirlisí teanga a tháinig fríd an Stát ó dheas riamh anall, idir forbairt na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge, Acht na dTeangacha Oifigiúla agus i mbunú Oifig an Choimisinéara Teanga.

"Am ar bith a raibh cuidiú nó comhairle de dhíth orainne mar Chonradh, bhí doras Éamon i gcónaí oscailte, agus bhí sé i gcónaí sásta a chuid ama agus saineolas a roinnt linn. Is comhartha beag aitheantais é an Gradam seo ar éachtaí móra atá bainte amach ag Éamon Ó Cuív ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta, agus gabhann Conradh na Gaeilge buíochas ó chroí leis as ucht na hoibre agus na tacaíochta atá tugtha aige le beagnach 40 bliain anuas.”

LÉIGH FRESHIN: Ná as dualgas! Moladh paraimhíochaineoir Éireannach as beatha a shábháil agus é ar saoire i Maracó

Agus ag caint maidir le Gradam d’Oibrí Deonach Náisiúnta na bliana, dúirt Tánáiste Chonradh na Gaeilge, Michaeline Donnelly: “Tá áthas mór ar Choiste Gnó Chonradh na Gaeilge aitheantas speisialta a thabhairt do dhuine a chaitheann a shaol leis an Ghaeltacht, an Ghaeilge agus a phobal áitiúil a chur chun cinn.

"Ba cheannaire agus cheannródaí é Dónall ar Ghuth na Gaeltachta, feachtas Gaeltachta a bunaíodh in 2009 a chuir i gcoinne na gciorruithe Gaeilge agus Gaeltachta a bhí molta ag an Bhord Snip Nua. Déanann Dónall obair na gcapall leis an teanga a chur chun cinn ina cheantar féin, go háirithe ina ról mar Oifigeach Cultúrtha agus Teanga le CLG Ghaoth Dobhair.

"Déanann Dónall ionadaíoch láidir agus leanúnach ar Ghaeltacht an Iar-Thuaiscirt ina róil ar an Mheitheal Náisiúnta Pleanála Teanga, mar urlabhra ag mór-ócáidí náisiunta stocaireachta agus abhcóideachta agus mar ionadaí ar Mheitheal Gaeltachta an Chonartha agus an brúghrúpa Tinteán ar cheist mhór na tithíochta Gaeltachta i láthair na huaire.

"Thar aon ní eile, is eiseamláir iontach é Dónall ar an chultúr gnímh a bhí mar chnámhdhroma ghluaiseacht na Gaeilge agus na Gaeltachta ón chéad lá riamh. Gabhann Conradh na Gaeilge buíochas ó chroí leis as ucht a chuid oibre thar na blianta agus as an mhéid mhór atá fós le teacht.”

Beidh Gradam an Uachtaráin agus an Gradam d’Oibrí Deonach Náisiúnta na bliana le bronnadh san oíche amárach, Dé Sathairn 2 Feabhra ag 9.00i.n. 

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.