Cuairt tugtha ag an Aire Calleary ar phobail oileáin agus ar phobail faoin tuath chun an obair théarnaimh i ndiaidh Stoirm Éowyn a fheiceáil
Thug an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, cuairt inné ar Iarthar na Gaillimhe chun bualadh le pobail oileáin agus tuaithe, a raibh tionchar ag Stoirm Éowyn orthu.
Chas an tAire le pobail i gConamara agus in Árainn chun an dul chun cinn atá á dhéanamh ar an obair dheisiúcháin a fheiceáil, chun tacaíocht a chur ar fáil agus chun buíochas a ghabháil le heagraíochtaí pobail a raibh baint acu leis an obair théarnaimh i ndiaidh na stoirme. Bhí oifigigh óna Roinn féin agus ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe ina theannta.
Chuaigh an tAire go hInis Mór ar maidin chun an obair théarnaimh i ndiaidh na stoirme a fheiceáil. Fad is a bhí sé ar an oileán bhuail sé le hionadaithe ó Chomharchumann Forbartha Árann agus le muintir na háite.
Nuair a d’fhill sé ar an mórthír chuaigh an tAire go dtí an Cheathrú Rua áit ar bhuail sé le hoibrithe pobail áitiúla, arís chun buíochas a ghabháil leo as an tacaíocht ar fad atá á cur ar fáil acu.
Ag labhairt dó ar an gCeathrú Rua, dúirt an tAireCalleary:“Bhuail roinnt de na luasanna gaoithe is láidre le linn Stoirm Éowyn Iarthar na Gaillimhe agus theastaigh uaim teacht anseo chun an obair théarnaimh a fheiceáil dom féin. Bhí mé ag iarraidh a chinntiú freisin go mbeadh a fhios ag muintir Iarthar na Gaillimhe go bhfaighidh siad gach uile tacaíocht a bheidh ag teastáil uathu.
“Is léir go bhfuil obair ollmhór déanta ag go leor daoine, lena n-áirítear foirne deisiúcháin BSL, Uisce Éireann agus na nÚdarás Áitiúil agus ba mhaith liom buíochas ó chroí a ghabháil leo. Tá an pobal anseo in iarthar na Gaillimhe, agus pobail ar fud na tíre, tagtha le chéile chun cúnamh a thabhairt dá chéile."
LÉIGH FREISIN: Seo an chaoi le féachaint ar gach cluiche de chuid na Sé Náisiún saor in aisce
Dúirt an tAire Calleary: “Tá a fhios agam go bhfuil Moil Phráinnfhreagartha bunaithe ag Comhairle Chontae na Gaillimhe in Uachtar Ard, i mBaile Chláir, ar an nGort agus in Áth Cinn, agus beidh teacht ag daoine ar uisce, bia te, ceangal leathanbhanda, cithfholcadáin agus áiseanna níocháin éadaí iontu agus beidh siad in ann a gcuid guthán a luchtú iontu freisin. Tá sé geallta ag Liam Conneally, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Chontae na Gaillimhe, dom go mbunófar tuilleadh de na moil seo i gceantair eile atá buailte.
“Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le Liam agus lena fhoireann, mar aon leis na hoibrithe pobail agus na foirne deisiúcháin go léir, as gach uile rud atá déanta acu go dtí seo. Tuigimid go bhfuil roinnt dúshlán fós ann agus tá gach Roinn agus Gníomhaireacht Rialtais ag iarraidh a bheith ag obair i gcomhar i gcónaí tríd an nGrúpa Comhordaithe Éigeandála Náisiúnta lena chinntiú go mbeidh pobail ar ais ar a gcosa chomh luath agus is féidir.
“Beidh mé ag cur an Taoisigh agus mo chomhghleacaithe sa gComh-Aireacht ar an eolas amárach faoi mo chuairt inniu agus is féidir leat a bheith cinnte de go mbeidh an Rialtas seo ag iarraidh neart tacaíochta a thabhairt do phobail.”
Thug an an tAire a aghaidh ar Charna níos déanaí sa lá chun bualadh le hionadaithe ó Chomharchumann Forbartha Chonamara Láir, comharchumann forbartha áitiúil.
Chuir sé clabhsúr lena thuras go Gaillimh le cuairt ar Sheanscoil Sailearna in Indreabhán áit ar chas sé le baill den phobal.
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.