Search

05 Sep 2025

‘Ba é an rud ab fhearr a rinne mé i mo shaol’ - Baineann Conallach mná sásamh as a gairm chúraim sláinte nua

Chuir Tracey Lynch ón Bheart cúrsa páirtaimseartha Cúraim Sláinte Céim 5 i gcrích le Seirbhís Breisoideachais agus Oiliúna ETB Dhún na nGall le linn na paindéime

‘Ba é an rud ab fhearr a rinne mé i mo shaol’ - Baineann Conallach mná sásamh as a gairm chúraim sláinte nua

Chuir Tracey Lynch ón Bheart cúrsa páirtaimseartha Cúraim Sláinte Céim 5 i gcrích le Seirbhís Breisoideachais agus Oiliúna ETB Dhún na nGall le linn na paindéime

Tá Conallach mná ag baint sult as na sochair laethúla a bhaineann le bheith ina hoibrí cúraim sláinte i ndiaidh di tabhairt faoi athoiliúint ina cuid 40idí.

Chuir Tracey Lynch ón Bheart cúrsa páirtaimseartha Cúraim Sláinte Céim 5 i gcrích le Seirbhís Breisoideachais agus Oiliúna (FET) ETB Dhún na nGall le linn na paindéime.

Bhí sí ag obair ón bhaile agus ag tabhairt aire dá leanaí ar feadh 12 bhliain roimhe sin. In 2021, bheartaigh sí go ndéanfadh sí iniúchadh ar cén roghanna gairme a mbeadh spéis aici iontu.

Athraíodh a saol agus a gairm ó bhonn leis an chinneadh sin.

“Ní raibh mé cinnte caidé a bhí mé ag iarraidh a dhéanamh, ach bhí a fhios agam go raibh mé ag iarraidh rud éigin i ról cúraim a dhéanamh,” arsa Tracey.

“Bhí cúrsa cúraim leanaí curtha i gcrích agam i 2018, ach bhí cosán úr uaim. Bhí a fhios agam go raibh mé in ann chuige, ní raibh le déanamh ach an mhuinín a fháil chun dul amach agus é a dhéanamh.”

Spreagadh Tracey i dtreo teagmháil a dhéanamh le Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall (ETB). Ón chéad ghlaoch sin, chuidigh an fhoireann léi an cúrsa a n-oirfeadh dá cuspóirí, dá scileanna agus dá tréithe pearsantachta a shainaithint.

“Bhí mé in amhras faoi caidé a bhí ar bun agam ag pilleadh ar an scoil agus mé 47 bliain d’aois, ach ón ghlaoch sin go dtí go cláraíodh mé bhí sé dochreidte, bhí siad ar dóigh,” a dúirt sí.

Bheartaigh Tracey ar chúrsa páirtaimseartha Tacaíochta Cúraim Sláinte dhá bhliain, a sholáthair Seirbhís FET ETB Dhún na nGall ar líne tríd a nIonad Oiliúna Leitir Ceanainn.

“Ba é an rud ab fhearr a rinne mé i mo shaol, b’aoibhinn liom é agus is aoibhinn liom an obair anois,” a dúirt sí.

D’fhóir an leagan amach foghlama cumaisc go maith do Tracey. Agus triúr leanbh sa bhaile aici, bhí sí ábalta dhá oíche sa tseachtain a thabhairt do na ceachtanna ar líne, leis na measúnuithe ag titim amach san ionad ina dhiaidh sin.

“Dóigh iontach a bhí ann oibriú thart ar an saol sa bhaile agus cúram leanaí,” a dúirt sí.

Leis an chlár Tacaíochta Cúraim Sláinte, teagasctar Scileanna Cúraim, Sábháilteacht agus Sláinte ag an Obair, Cúram don Duine Scothaosta, Ionfhabhtú a Chosc agus a Rialú, Tacaíocht Chúraim Mhaolaitheach agus modúil Seirbhíse Custaiméara, i measc nithe eile.

Fuair Tracey tacaíocht phraiticiúil fosta maidir le measúnuithe agus scrúduithe a dhéanamh.

Dúirt sí: “D’fhág mé an scoil ag 16 bliana d’aois, agus dá bharr, rud mór a bhí ann domh tascanna a thabhairt isteach agus mé as an oideachas agus gan an Ardteist déanta agam riamh. Anois, bheinn muiníneach amhlaidh a dhéanamh i gcúrsa ar bith. Caithfidh tú cur ina luí orthu go ndearna tú do chuid taighde agus nuair a rinne tú do chuid taighde gur tháinig tú ar eolas nua nach raibh agat riamh roimhe.”

Is altraí a bhfuil go leor taithí acu agus an dúrud eolais le roinnt iad Henry Sproule agus Anne Tinney, léachtóirí Tracey.

Níorbh fhada gur thuig Tracey nárbh fhéidir teacht ar chuid den eolas sin i leabhair.

“Fuair muid scoth na n-oiliúna, níos mó eolais ná mar a bhí ag teastáil uainn mar oibrithe cúraim sláinte is dócha. Bhí mé inniúil ach bhí mé lán muiníne fosta agus mé ag dul amach chun na hoibre,” a dúirt sí.

“Ós rud é gur altra a bhfuil an-taithí aici san otharlann í, bhí Anne ábalta comhairle a thabhairt dúinn maidir le cúram deiridh saoil agus an dóigh chun labhairt le teaghlaigh. Is cuimhin liom go raibh eispéireas deas agam le duine de m’othair ar sheal na hoíche, nuair a tháinig sí chuig deireadh a saoil, b’iontach go raibh a fhios agam go raibh an rud ceart á rá agam.”

Le linn téarmaí an chúrsa, fuair Tracey obair pháirtaimseartha le soláthraí cúraim bhaile príobháideach, Bluebird Care.

Ghlac ETB Dhún na nGall leis seo mar chleachtadh oibre Tracey, rud atá ina phríomhghné den chúrsa. Bhí luach as cuimse ag baint leis an socrúchán siocair go raibh Tracey ábalta comparáid a dhéanamh idir an taithí a bhí aici ag an obair agus ábhar an chúrsa.

“Bhí Bluebird ar dóigh, bhí siad iontach tacúil agus thug siad oícheanta saora dom nuair a bhí mo chúrsa ar siúl siocair go raibh a fhios acu go raibh mé díograiseach ina leith,” a dúirt sí.

“Anuas air sin, nuair atá tú cáilithe faigheann tú ráta pá níos fearr, bíonn tú níos muiníní i do chuid oibre agus bíonn tú níos luachmhaire do d’fhostóir siocair go bhfuil tú oilte.”

Is é an solúbthacht a bhaineann leo ar cheann de na príomhbhuntáistí de chuid ról cúraim sláinte, lena ligtear

do bhaill foirne cothromaíocht a aimsiú idir a gcuid oibre agus a gcoimitmintí eile, amhail saol teaghlaigh, staidéar nó poist eile.

Deir Tracey go mbaineann an-chuid sochar lena post, in éineacht le heispéiris thochtmhara.

“Tógann tú caidreamh álainn, ní hamháin le cliaint, ach lena mbaill teaghlaigh. Éiríonn tú mar chuid dá saol laethúil, agus is deas fios a bheith agat go bhfuil tú ag tabhairt cuairt ar dhuine a d’fhéadfaí nach bhfeicfeadh siad duine ar bith eile an lá sin. D’fhéadfaí go mbeadh plean cúraim bhunúsach agat do chliant, ach is é an rud is tábhachtaí comhrá beag a bheith agat leo agus bualadh isteach chucu,” a dúirt sí.

“Tá codanna iontach brónach ag baint leis fosta. Bhrisfeadh sé do chroí nuair a chaileann tú cliant, ach is deas fosta gurb eol duit gur chuir tú ar a gcompord iad agus gur thug tú an leibhéal cúraim phearsanta is fearr agus is féidir dóibh chun caighdeán saoil maith a thabhairt dóibh.”

D’éirigh Tracey agus a páirtithe ranga mar “scaifte dlúthchairde” le linn an dá bhliain agus bíonn siad i dteagmháil lena chéile fós. Chuaigh an-chuid acu ag obair i dtithe altranais, suíomhanna cúraim cónaithe agus mar chúntóirí baile.

“Bhí caidreamh álainn ann idir achan duine agus bhí ardmheas againn ar na léachtóirí,” a dúirt sí.

“Bhí an fhoireann uilig iontach foighdeach. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an ETB, an fhoireann uilig agus Anne agus Henry as ucht a dtacaíocht ghairmiúil agus a spreagadh.”

Is eiseamláir inspioráideach i dtaca le cumhacht an oideachais é aistear Tracey i dtreo ghairm mar oibrí tacaíochta cúraim sláinte a bhaint amach, agus tá fonn uirthi aird a tharraingt ar an dóigh ar féidir leis saol an duine a athrú.

Dúirt sí: “Níor chuala mé riamh faoi ETB sular thug mé faoi seo, ach i ndiaidh mo chúrsa bímse ag cur achan duine ar an eolas fúthu. Chuir mé col ceathrar de mo chuid ina dtreo agus is tiománaí bus í anois!”

Má tá tú ag smaoineamh faoi athrú gairme, faoi uasoiliúint nó faoi athoiliúint, tá réimse leathan cúrsaí lánaimseartha agus páirtaimseartha ar fáil ar fud an chontae ag ETB Dhún na nGall faoi láthair.

Amharc ar do roghanna ar a suíomh gréasáin nó má tá tú ag iarridh labhairt fríd do roghanna, déan teagmháil lena Seirbhís Treorach agus Eolais do Dhaoine Fásta trí ghlaoch a chur ar 074 9178088 nó comhlánaigh an fhoirm seo agus tiocfaidh siad
ar ais chugat - cliceáil anseo.

*Ábhar urraithe

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.