Táthar a moladh an teorainn aoise le bheith mar bhall do na gardaí síochána a ardú ó 35 bliain d'aois go caoga bliain d'aois.
Dúirt an tAire Dlí agus Cirt Helen McEntee go bhfuil aois an riachtanais iontrála á athrú chun deis a thabhairt don oiread daoine agus is féidir iarratas a dhéanamh le dhul i mbun obair sna gardaí síochána.
Beifear ag déanamh athbhreithniú ar scrúdú aclaíochta na ngardaí chomh maith mar pháirt do mholadh an aire.
Beidh moltaí an tAire Dlí agus Cirt ag dul ós gcomhair an Rialtas go luath.
Táthar ag iarraidh go mbeadh níos mó daoine ag dul isteach sna gardaí ó seo amach mar go bhfuil daonra na tíre ag dul i méid.
Beidh na gardaí úra atá faoi chaoga bliain d'aois in ainm agus an obair chéanna a dhéanamh leo seo atá níos óige mar pháirt don obair sin beifear ag obair dhá uair dhéag a chloig agus ag obair amuigh faoin spéir i ndroch aimsir.
Tá gach iarracht a dhéanamh le cur le líon na ngardaí, a dúirt sí.
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.