Beidh seirbhís cuimhneacháin agus comórtha dóibh siúd a cailleadh i dtragóid an Chraoslaigh ar siúl ag 3 a chlog Dé Sathairn, Deireadh Fómhair 7, ag láthair na tragóide.
Maraíodh deichniúr i bpléascadh ag garáiste ag barr an bhaile ar an 7ú lá de Dheireadh Fómhair anuraidh.
Dhéanfar Aifreann a cheiliúradh i gcuimhne orthu seo uilig a raibh éifeacht ag an tragóid orthu ar 7.30in ar an Satharn. Tugtar buíochas do gach duine a chuidigh leis an bpobal ar dhóigh ar le linn an Aifrinn.
Tá na teaghlaigh ag iarraidh gur am príobháideach a bheas anseo don phobal agus do na daoine a thug tarrtháil orthu le linn na tragóide. Iarrtar go dtugtar suaimhneas don phobal le cneasadh ag an am chruaigh seo agus nach mbeadh na meáin ag cur as díofa.
Beidh ócáid ar siúl do na meáin ar a 3 a chlog ag láthair na tragóide.
Beidh an N56 tríd baile an Chraoslaigh druidte do thrácht idir a 2.30 agus a 4 a chlog.
D'iarr an t-Athair John Joe Duffy ar dhaoine a bheith ag guí ar a son ag an am seo. Ghabhadh sé buíochas do gach duine a chuidigh leo le linn na bliana.
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.