Tá Eimear Robb ag cur lena hoideachas mar phrintíseach díolacháin in Kelly’s Toyota i Leitir Ceanainn, áit a bhfuil sí ag obair le trí bliana anuas
Tá bean óg as Dún na nGall ag léiriú dúinn nach in ollscoileanna amháin atá ardoideachas le fáil.
Tá Eimear Robb as An Baile Nua, 22, ag cur lena hoideachas mar phrintíseach díolacháin in Kelly’s Toyota i Leitir Ceanainn, áit a bhfuil sí ag obair le trí bliana anuas.
Le bliain anuas, chuir sí tús le printíseacht dhá bhliain chun a bheith láncháilithe mar speisialtóir díolacháin le Sainteastas sa Díolacháin Leibhéal 6 QQI.
Mar phrintíseach, tá Foireann Printíseachta Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall (Seirbhís Breisoideachais agus Breisoiliúna) ag tacú le hEimear, foireann a bhíonn ag obair le printísigh agus le fostóirí i nDún na nGall.
Chuir Eimear spéis i gcarranna nuair a bhí sí óg, agus ba é a hathair, Dominic, atá i mbun an chomhlachta díoltóireachta a spreag an spéis sin.
“Ní raibh aon bhuachaill sa teach agus chinntigh Daid go raibh spéis againn i gcarranna”. Dúirt sí gur fhás sí aníos ag éisteacht leis ag caint faoi charranna 24/7.
Chomh maith leis sin, d’oibrigh Eimear san earnáil miondíoltóireachta ó bhí sí 16 bhliain d’aois, agus nuair a bhí sí críochnaithe sa scoil bhí fonn uirthi leanúint ar aghaidh ag tuilleamh airgid.
Cosúil le go leor daoine óga, ní raibh Eimear iomlán cinnte faoin rud a theastaigh uaithi a dhéanamh i ndiaidh na hArdteistiméireachta.
Bhí an méid seo a leanas le rá aici, “Ní raibh an oiread sin spéise agam sna leabhair, thaitin an taobh sóisialta den scoil liom ach ní raibh aon spéis agam a bheith ag staidéar. Rinne mé iarratas chun staidéar a dhéanamh ar Ghnó sa choláiste ach ní raibh aon spéis agam ann i ndáiríre - b’éigean dom rud éigin a roghnú.
“Chinn mé tamall a chaitheamh ag obair agus go ndéanfadh mé cinneadh ina dhiaidh sin. Ag an am, ní raibh aon rud ar eolas agam faoi phrintíseachtaí sa díolacháin nó sa mhótarthionscal ach bhí spéis agam ina leithéid riamh.”
I rith na paindéime bhí deis ag Eimear súil nua a chaitheamh ar a todhchaí. Nuair a laghdaíodh a huaireanta oibre san áit a mbíodh sí ag obair roimhe seo, ghlac sí le tairiscint ó Brendan Kelly a bheith páirteach i bhfoireann Kelly’s Toyota.
Ainneoin go raibh sí ag tosú ón tús, ba ghearr gur thosaigh Eimear ag foghlaim go tapa ó chomhghleacaithe a raibh blianta fada taithí acu.
Bhí an méid seo a leanas le rá aici: “Tá mé an-sásta leis an obair atá á déanamh agam anois agus is féidir liom mé féin a shamhlú i mbun an róil seo go ceann i bhfad. Is é an phríomhchúis a bhfuil an phrintíseacht á déanamh agat chun cáilíocht a bhaint amach”.
Tá formhór dá cuid oiliúna á déanamh ag Eimear ar an láthair, agus caitheann sí dhá lá sa seomra ranga gach 6-8 seachtaine i gCora Droma Rúisc. I rith na modúl atá á ndéanamh aici dírítear ar airgeadas, cúrsaí dlí agus margaíocht, agus eagraítear dhá léacht bhreise ar líne gach seachtain a mhaireann dhá uair an chloig.
Tá seachadadh solúbtha na léachtaí oiriúnach dá sceideal gnóthach sa seomra taispeántais.
Thug sí le fios go dtaifeadtar gach rang ar líne agus go seoltar nótaí chuig grúpa. Agus mura raibh an cúrsa chomh solúbtha sin go bhfuil seans maith ann nach mbeadh sí in ann é a dhéanamh.
Is é an aidhm atá le printíseachtaí taithí a fháil agus machnamh a dhéanamh ar thascanna san ionad oibre, a shanntar le gach modúl.
I measc na mbuntáistí a bhaineann le Printíseacht Díolacháin tá airgead a thuilleadh fad is a bhíonn tú ag foghlaim agus an tsástacht a bhaineann le haire a thabhairt do chliaint. Bhí an méid seo a leanas le rá aici.
“Tá gach lá anseo difriúil. Bíonn tú ag déileáil le daoine difriúla an t-am ar fad, agus tá an margadh ag athrú i dtólamh, rud a chiallaíonn go mbíonn rud éigin nua le foghlaim i gcónaí. Tá uasoiliúint ag tarlú an t-am ar fad agus bíonn tú ag foghlaim rudaí nua i gcónaí. Is iontach an rud é custaiméirí a fheiceáil ag teacht ar ais chugat.”
Chomh maith leis sin, tá Eimear airdeallach ar shainiúlacht a róil i dtionscal ina bhfuil níos mó fear ná ban ag obair. Dúirt sí gur thug sí faoi deara gur fearr le go leor ban déileáil le bean díolacháin.
Tá a comhghleacaithe ranga ag obair i dtionscail éagsúla, lena n-áirítear i gcuideachtaí fóin phóca, siopaí crua-earraí agus siopaí earraí leictreacha, rud a chiallaíonn go mbíonn a ranganna spéisiúil de bhrí go mbíonn a n-eispéiris á roinnt acu lena chéile. Dúirt Eimear go mbíonn na ranganna idirghníomhach agus réchúiseach.
Nuair a fiafraíodh di an molfadh sí printíseachtaí, bhí an méid seo a leanas le rá aici: “Ní oireann saol an choláiste do gach duine agus dúirt daoine áirithe liom go bhfuil sé go maith a bheith ag obair agus ag tuilleamh tuarastail. Deirim féin i gcónaí go bhfuil sé go maith cáilíocht de chineál éigin a bheith agat.
Is bealach iontach é printíseacht chun é sin a dhéanamh de bhrí go mbíonn tú fós ag obair, ag foghlaim agus ag tuilleamh tuarastail fad is a bhíonn tú ag staidéar ar an taobh agus ag baint tairbhe as.”
Ó aois óg, bhí Eimear ag iarraidh a bheith ag obair i ngaráiste. Anois, síleann sí go bhfuil an t-ádh orthu go bhfuil sí cláraithe chun printíseacht a dhéanamh atá ag cabhrú léi chun cáilíocht Leibhéal 6 a thuilleamh sa réimse. Dúirt sí nach féidir léi í féin a shamhlú ag déanamh rud ar bith eile.
Thuill sárscileanna Eimear gradam Duine Díolacháin na Bliana di ag Gradaim Seirbhíse Custaiméirí Highland Radio 2024 agus chomh maith leis sin ainmníodh í do Ghradaim Printíseach na Bliana 2024, i dteannta le roinnt printíseach eile as Dún na nGall.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag a meantóir, Brendan Kelly: “Thosaigh Eimear ag obair le Kelly’s Toyota i mí Dheireadh Fómhair 2021 ar bhonn páirtaimseartha agus ón tús thuigeamar go n-éireodh go breá léi ina ról mar fheidhmeannach díolacháin.
“Ábhar dóchais is ea a hiompar suáilceach, dearcadh dearfach agus a bealach ciúin do dhuine atá chomh hóg sin. Cúis áthais dúinn gur bronnadh an príomhghradam don duine díolacháin ar Eimear ag Gradaim Seirbhíse Custaiméirí Highland Radio níos túisce sa bhliain. Bunaithe ar an am atá á chaitheamh aici agus ar an iarracht atá á déanamh díriú ar an gclár Printíseachta Díolacháin atá á dhéanamh aici anois, creidim go n-éireoidh go breá le hEimear ina gairm amach anseo.”
Éascaíonn Seirbhís Breisoideachais agus Breisoiliúna (FET) ETB Dhún na nGall printíseachtaí atá á stiúradh ag fostóirí in earnálacha éagsúla, lena n-áirítear tógáil, leictreachas, talmhaíocht agus gairneoireacht, innealtóireacht, TFC, airgeadas, miondíol, fáilteachas agus bia, mótarfheithiclí, árachas, seirbhísí réadmhaoine, sláinte agus sóisialta agus díolacháin.
Maireann printíseachtaí tréimhsí éagsúla idir 2-4 bliana agus is féidir cáilíochtaí a bhaint amach idir leibhéal 5-10 ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí.
Is í an chéad chéim más mian le haon duine printíseacht a dhéanamh fostóir ceadaithe a fháil atá toilteanach é/í a fhostú mar phrintíseach. Ansin cláraíonn an fostóir a phrintíseach le SOLAS trí theagmháil a dhéanamh le ETB Dhún na nGall.
Tá an liosta iomlán printíseachtaí atá ar fáil in Éirinn le fáil anseo.
Má fheiceann tú deis a oireann duit, déan teagmháil leis an bhFoireann Printíseachta a bheidh sásta gach ceist a fhreagairt agus na roghanna atá ar fáil i ndáil le printíseachtaí a mhíniú ar bhealach níos mionsonraithe.
Tá tuilleadh faisnéise ar fáil ar shuíomh gréasáin ETB Dhún na nGall anseo fosta.
Má tá spéis agat i bprintíseacht nó más fostóir thú atá ag iarraidh níos mó faisnéise a fháil, déan teagmháil le Foireann Seirbhísí Printíseachta ETB Dhún na nGall ag an uimhir 074 9120500 nó seol ríomhphost chuig apprenticeship@donegaletb.ie.
*Ábhar urraithe
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.