Luchógaí móra ina chrá croi ag cuid mhór i rith 2023

placeholder image

Tá sé ráite ag Rentokil gur luchógaí móra an fhadhb is mó a léirigh daoine a chuaigh i dteagmhal leo anuraidh. 

Dúirt siad gur léirigh 43% do na daoine a chur glaoch orthu i 2023 buaireamh faoi na hainmhí. 

Bhí buaireamh ar dhaoine eile faoi chuileoga, 24%, agus faoi mhíoltóga, 18%. 

Bhí níos mó éilimh ar Rentokil i mBaile Átha Cliath thar chontae ar bith eile. Ba cursaí cuileoga is mó a bhí ag cur as do mhuintir Dhún na nGall, Sligeach, Muineacháin, Maigh Eo agus Liatroim de réir na bhfigúirí.

Ba as Luimneach a tháinig na scairteanna is mó a bhain le fadhb na míoltóga. 

I rith an gheimhridh bíonn sé fuar agus bíonn luchógaí agus luchógaí móra ag iarraidh éalú isteach i dtithe mar sin iarrtar ar dhaoine a bheith airdeallach. 

Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice