Lean cinniúint na gcuach Éireannach agus iad ag imirce ó dheas go dtí an Afraic


Tá an rás ar siúl! Tá gluaiseachtaí trí chuach Éireannacha á rianú i mbliana in iarrachtaí caomhnaithe chun a meath a thuiscint agus a dtodhchaí a chosaint
Tá an tAire Dúlra, Oidhreachta agus Bithéagsúlachta, Christopher O’Sullivan TD, ag spreagadh bhaill den phobal chun cuacha Éireannacha a leanúint ar a n-imirce mhór samhraidh go dtí an Afraic.
Ag baint úsáide as teicneolaíocht satailíte, rianóidh an Tionscadal Rianaithe Cuach bealaí trí chuach – Cuach Sean ó Pháirc Náisiúnta Shléibhte Chill Mhantáin, Cuach Rua ó Pháirc Náisiúnta na Boirne agus Cuach Cores ó Pháirc Náisiúnta Chill Airne. Is féidir a gcinniúint a leanúint ar shuíomh Gréasáin Iontaobhas na Breataine d’Ornitheolaíocht.
Agus fáilte á cur aige roimh an tionscadal, dúirt an tAire Ó Súilleabháin: “Léiríonn glaoch na Cuaiche tús an tsamhraidh do go leor daoine agus is fuaim aitheanta agus an-ghrámhar í sa tuath. Táim an-tógtha faoin tionscadal seo, a chabhróidh linn níos mó a fhoghlaim faoi na héin spéisiúla agus mistéireacha seo ionas gur féidir linn iad a chosaint níos fearr.
“Táim ag spreagadh gach duine súil a choinneáil ar an suíomh Gréasáin agus a fheiceáil cé na bealaí atá á nglacadh acu, cé chomh tapa agus atá siad ag taisteal, cá dtéann siad i gcrích - agus cé a shroicheann ar dtús! Armtha le tuiscint níos fearr, beimid i riocht níos fearr chun an Chuach ghrámhar a chosaint, ionas gur féidir le glúnta atá le teacht taitneamh a bhaint as fuaim na cuaiche ar feadh go leor samhraí eile.”
Ó 2011 i leith, tá an Tionscadal Rianaithe Cuach ag leanúint turas roinnt Cuach as Éirinn agus as an Ríocht Aontaithe ag baint úsáide as teicneolaíocht satailíte, chun imscrúdú a dhéanamh ar na gnéithe iomadúla de shaol na n-éan suimiúil seo agus chun tuiscint níos fearr a fháil ar na cúiseanna atá taobh thiar dá meath.
Is comhpháirtí sa tionscadal seo atá faoi stiúir Iontaobhas na Breataine um Ornitheolaíocht (BTO) an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra (NPWS). I mbliana, tá an tionscadal ag rianú seacht n-éan nua as Éirinn agus as an Ríocht Aontaithe.
Léiríonn sonraí satailíte gurbh é Cuach Sean an chéad éan de na bliana seo a thrasnaigh an Mhuir nIocht agus gurb é an ceann is faide ó dheas de ghrúpa na bliana seo. Tar éis dó Cill Mhantáin a fhágáil agus stad gairid a dhéanamh i Somerset, lean sé ar aghaidh go dtí an Fhrainc.
Stad sé i gcos na nAlp, soir ó Chambery agus léiríonn an nuashonrú is déanaí go bhfuil sé anois i dtuaisceart na hIodáile, gar do bhaile Andora ar Riviera na hIodáile. D’imigh Cuach Rua beagán níos déanaí, ag stopadh in aice leis an mBealach i gContae Loch Garman, ach tá sé trasnaithe anois go dtí an Bhreatain Bheag, atá intíre de Chei Nua faoi láthair.
Tá Cuach Cores ar gcúl ó níor fhág sé a chuid tailte pórúcháin i bPáirc Náisiúnta Chill Airne, áit ar clibeáladh é trí bliana ó shin. Tá sé le himeacht aon lá anois agus tús a chur lena cheathrú himirce rianaithe go dtí an Afraic, tar éis dó beagnach dhá mhí a chaitheamh sa Pháirc.
Le cúig bliana déag anuas, tá an tionscadal ag tabhairt léargais úsáideacha ar na brúnna atá roimh dhaonra na gcuach.
Dúirt Sam Bayley, Maoirseoir Caomhnaithe NPWS: “Is deis iontach é an tionscadal seo chun tuiscint mhionsonraithe a fháil ar raon baile pórúcháin na gcuach, ar na bealaí imirce agus ar na tailte geimhridh araon.
"Dá mhéad a fhoghlaimímid is ea is mó is féidir linn na brúnna agus na struis atá ar an speiceas seo a bhfuil meath 26% air le 40 bliain anuas in Éirinn a thuiscint. Trí obair go dlúth lenár gcomhghleacaithe ag British Trust for Ornithology ní hamháin go ndéantar comparáid idir sonraí, ach cuireann sé ar chumas gach duine a gcuid scéalta a leanúint de réir mar a tharlaíonn sé trí na blaganna ar líne. Bealach iontach chun na deacrachtaí atá rompu a roinnt.”
Is féidir rath Cuach Sean, Cuach Rua agus Cuach Cores a leanúint anseo.