Fógraíonn IBM Ireland infheistíocht mhór chun 800 post ardteicneolaíochta a chruthú


Cruthófar na róil trasna suíomhanna i mBaile Átha Cliath, Corcaigh agus ag Red Hat, i bPort Láirge
Tá infheistíocht nua fógartha ag IBM Ireland, ceannaire domhanda sa teicneolaíocht, a chruthóidh suas le 800 post ardteicneolaíochta ar fud na tíre.
Cabhróidh sé seo le bogearraí a thógáil chun Slándáil, Uathoibriú agus ‘Hybrid Cloud’ a chur chun cinn.
Tháinig an fógra ar an infheistíocht Dé Céadaoin seo, agus cruthóidh sé na céadta ról i dtaighde agus forbairt, chomh maith le díolacháin digiteach agus comhairliúcháin; agus féach go leanann Éire de bheith i measc láithreacha straitéiseacha IBM ar fud an domhain.
Cruthófar na róil thar shuímh IBM i mBaile Átha Cliath, Corcaigh agus ag fochuideachta IBM, Red Hat, atá lonnaithe i bPort Láirge.
Chun an t-eolas is déanaí a fháil agus chun iarratas a dhéanamh ar na róil atá oscailte faoi láthair ag IBM agus Red Hat, tabhair cuairt ar: https://www.ibm.com/careers/.