Feachtas 'Love This Place' chun ár meas ar an gcomhshaol a fheabhsú


IS É COSAINT agus meas ar an gcomhshaol sprioc an fheachtais Love This Place a bheidh ar siúl i mí an Mheithimh, Iúil agus Lúnasa.
Tá an feachtas mar chuid den chlár 'Ná Fág Rian' ón Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta agus spreagann sé daoine le bheith níos mó meas ar an gcomhshaol agus laghdú a dhéanamh ar an méid truaillithe.
Beidh buaicphointe an fheachtais ar an 28 Iúil, an lá a mbeidh an Lá Domhanda um Chaomhnú an Dúlra ann freisin.
Iarrfar ar an bpobal Gealltanas a thabhairt don Áit Seo, ag dearbhú a ngrá don dúlra le gníomhartha simplí dearfacha chun spásanna lasmuigh a chosaint agus a urramú.
Is í Roz Purcell ambasadóir na heagrán seo, comh maith le bunaitheoir The Hike Life.
Is iad na leideanna le bheith páirteach san fheachtas ná: Éire a choinneáil saor ó bhruscar, an fiadhúlra a chosaint, a bheith freagrach as madraí, cloí leis an gcosán chun ár dtalamh agus ár gcósta a chosaint agus ár n-oileán agus ár n-oidhreacht cuimsiú cultúrtha.
Is comhthionscnamh é an feachtas le príomhpháirtithe lena n-áirítear Fáilte Éireann, Spórt Éireann, an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra, an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail, Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, Oifig na nOibreacha Poiblí, Coillte, agus Uiscebhealaí Éireann.
Dúirt an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán Catherine Martin TD: "Is cuid uathúil dár dtairiscint turasóireachta í áilleacht thírdhreach na hÉireann agus tá go leor áiseanna agus gníomhaíochtaí iontacha ar fud na tíre chun cuairteoirí intíre agus idirnáisiúnta a spreagadh chun Caithfimid leanúint le meas a bheith againn ar an timpeallacht agus spásanna lasmuigh a fhágáil mar a aimsímid iad.”
Dúirt ambasadóir an fheachtais Roz Purcell: "I mbliana tá an-áthas orm a bheith ag obair i gcomhar le Leave No Trace Ireland ar a bhfeachtas samhraidh. Tá mé amuigh go leor mar chuid de mo phobal fánaíochta The Hike Life agus mar sin tá a fhios agam cén fáth a bhfuil sé chomh tábhachtach aire a thabhairt don taobh amuigh. Tá gach duine freagrach as a bheith cúramach agus iad ag baint taitnimh as an dúlra."