FÉACH: Seolfar féile nua aon lae chun cruthaitheacht, ealaín agus taibhiú a cheiliúradh

Tá an fhéile dírithe ar leanaí idir 0-18 mbliana d’aois

Tá ríméad ar Cruinniú na nÓg, i gcomhar le Cúla4 agus Fíbín Media, 'Amuigh 24' a sheoladh. Féile bhríomhar aon lá amháin a bheidh ann, a spreagfaidh an chruthaitheacht agus an ealaín i measc daoine óga 0-18 mbliana d’aois. 

Beidh an fhéile ar siúl ar an 15 Meitheamh 2024, lá a gcuirfear eispéireas ealaíne ar leith ar fáil do theaghlaigh agus don phobal ó fud fad na Gaeltachta.

Beidh réimse leathan gníomhaíochtaí agus siamsaíochta ar fáil ag 'Amuigh 24' agus é dírithe ar thrí aoisghrúpa ar leith: 0-5 bliana, 6-12 bhliain agus 13-18 mbliana d’aois.

Cinnteoidh an clár cuimsitheach go mbeidh deis ag an lucht freastail a bheith rannpháirteach i gceardlanna idirghníomhacha, chomh maith le taitneamh a bhaint as léirithe ealaíne agus ceol beo mar shampla. Ardán tábhachtach a bheidh san fhéile do dhaoine óga lena gcruthaitheacht féin, a dtallann agus a scileanna ealaíne a chur i láthair. 

Beidh ceol beo ar an lá ó Jessica McKean, iarrthóir Junior Eurovision, Trad Rave agus Colm Seoighe & na hEasógaí mar aon le ceardlanna agus léirithe beo ó Circus le Croí, Laureate na nÓg - Trish Forde agus Leabhair Pháistí Éireann, drámaíocht, bácáil, ceardaíocht agus neart ócaidí eile i rith an lae.

Is é aidhm na féile an tsamhlaíocht a neartú, an chruthaitheacht a chothú agus suim sna healaíona a spreagadh sa chéad ghlúin eile. Tríd an rannpháirtíocht agus an taiscéalaíocht ghníomhach, cuirfidh 'Amuigh 24' ar chumas daoine óga iad féin a chur in iúl, suim a chur ina noidhreacht chultúrtha, agus nasc a chothú le daoine óga eile i dtimpeallacht fhuinniúil thacúil. 

Beidh saorchead isteach ag an bpobal ag an bhféile le tacaíocht ó Roinn na Gaeltachta ach beidh ar theaghlaigh, grúpaí agus daoine óga clárú don ócáid. 

Is féidir tuilleadh eolais agus ticéidí a fháil ar suíomh Éire Ildánach anseo.

Related topics:
Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice