Eacht déanta ag Eoghan Ó Curraighín ag Oireachtas na Gaeilge

placeholder image

Bhain an scéalaí Eoghan Ó Curraighín, 79, de bhunadh Theileann, an comórtas scéalaíochta don 6ú uair ag Oireachtas na Samhna, i gCill Airne, i mbliana. 

Bhain an scéálaí Eoghan Ó Curraighín, 79, de bhunadh Theileann, an comórtas scéalaíochta don 6ú uair ag Oireachtas na Samhna, i gCill Airne, i mbliana. 

Tá clú agus cáil ar Eoghan Ó Curraighín i ndeisceart Dhún na nGall mar scéalaí, mar shaineolaí ar stair áitiúil agus ar dhianseanachas. 

Ghlac Eoghain pairt i gcomórtas scéalaíochta an Oireachtas don chéad uair i nGleann Cholm Cille i 1989 agus níor chaill sé blian ar bith, seachas anuraidh, ó shin. 

Is iomaí sin sean scéal atá ag Eoghain ar bharr a ghib agus deir sé go bhfuil cuimhne mhaith aige. 

Tá a stíl fhéin ag Eoghan agus é i mbun scéalaíochta - stíl a deir sé fhéin a bhíodh ag na sean daoine. 

Tá foclóireacht iontach aige agus feictear go bhfuil cuid don fhoclóireachta a mbaineann le tionscal na hiascaireachta agus talamhaíochta ag dul in éag.  

Related topics:
Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice