Curam leanaí ina bhac go foill do mhná dhul amach ag obair


Tá sé ráite Teachta Shinn Féin Kathleen Funchion TD go léiríonn firící ó Chuntasóirí na hÉireann, (Chartered Accountants Ireland, CAI) go bhfuil táillí arda curam leanaí ina bhac go foill do mhná dhul amach ag obair.
Dúirt Teacha Funchion: “Tá costais chúram leanaí i bhfad ró-ard agus níl siad ar phraghas réasúnta do theaghlaigh. Léiríonn páipéar beartais an lae inniu go leanann costas cúram leanaí ag cruthú bacanna do mhná a bheith rannpháirteach i gcursaí oibre."
Tá trian do bhaill an CAI ag íoc idir €1,000-€2,000 in aghaidh na míosa dá gcúram leanaí. Tá 33,000 ball san CAI.
Dúirt an Teachta Funchion go bhfuil an cás céanna amhlaidh i go leor bailte ar fud na tíre.
Dúirt sí gur mhían le Sinn Féin costasaí curam leanaí a ghearradh siar go dtí an leibheál a bhí ann i 2022.