Search

06 Sep 2025

Tionscadail Infheistíochta Ealaíon Oileán Comhroinnte fógartha

Tionscadail Infheistíochta Ealaíon Oileán Comhroinnte fógartha

An tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD

D'FHÓGAIR an Taoiseach Leo Varadkar TD, an Tánaiste agus Aire Gnóthaí Eachtracha Micheál Martin TD tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD, cúig thionscadal infheistíochta nua uile-oileáin sna hEalaíona, atá á seachadadh le leithdháileadh iomlán €7.4m ó Chiste Oileán Comhroinnte an Rialtais.

Thug an Chomhairle Ealaíon agus Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann na tionscadail ar aghaidh agus cheadaigh an Rialtas iad i mí Iúil 2022, faoi réir gach togra tionscadail a thabhairt chun críche. 

Oibríonn an dá Chomhairle le chéile go minic chun cláir Ealaíon ar an oileán a chómhaoiniú. Comhlánóidh agus tacóidh leithdháiltí an Chiste Chomh-Oileáin leis an gcomhoibriú seo, le tacaíocht chaipitil do bhonneagar ealaíon agus cultúrtha le fócas sainithe uile-oileáin. Déanfaidh comhpháirtithe ealaíon, Thuaidh agus Theas, na cúig thionscadal a sheachadadh chun áiseanna nua agus deiseanna a sholáthar do mhalartú ealaíonta, coimeádaíocht agus rannpháirtíocht lucht féachana ar fud an oileáin.

Is iad na cúig thionscadal atá maoinithe ag an Oileán Comhroinnte ná:

  • Cartlann Ailtireachta na hÉireann - €100k chun digitiú feabhsaithe agus inrochtaineacht a sholáthar do thaifid ailtireachta uile-oileáin.
     
  • Institiúid Scannán na hÉireann - €200k chun cartlann scannánaíocht amaitéarach a chruthú agus a choimeád i dTuaisceart Éireann agus i réigiún na teorann. Oibreoidh an Institiúid le comhpháirtithe chun scannáin ón gcartlann seo a thaispeáint don lucht féachana ar líne agus go réigiúnach. 
     
  • Cartlann Cheol Traidisiúnta na hÉireann - €1m chun spás stiúideo nua agus digitiú a fhorbairt. Forbrófar sa Chartlann spás stiúideo cónaithe nua agus feabhsóidh sé an cumas digitithe chun comhoibriú uile-oileáin idir Ealaíontóirí agus Cartlannaí a chur chun cinn.
     
  • Ionad Tyrone Guthrie in Eanach Mhic Dheirg - suas le €1.5m chun stiúideo nua amharc-ealaíon a chruthú. Stiúideo d’ealaíontóirí de gach cineál, ag malartú idir Éire agus Tuaisceart Éireann, in Ionad Tyrone Guthrie in Eanach Mhic Dheirg.
     

Cónaitheachtaí Scríbhneoirí Bellaghy Bawn - suas le €4.6m chun cónaitheachtaí a fhorbairt ag foirgneamh stairiúil i mBaile Eachaidh, áis chónaithe trasteorann a chruthú do scríbhneoirí le bheith ag obair agus ag idirghníomhú, i bhfoirgneamh stairiúil inspioráideach i sráidbhaile Bhaile Eachaidh, gar d’áit bhreithe agus do bhaile óige Seamus Heaney.

Tá an dearadh deiridh agus an cás gnó faoi réir faofa agus cuirfidh an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán i gcomhar leis an Roinn Pobail i dTuaisceart Éireann, le Comhairle Ceantair Lár Uladh agus le heagraíochtaí ealaíon comhpháirtíochta ar aghaidh é ar bhonn trasteorann.

Chomh maith leis na leithdháiltí caipitil atá á gcur ar fáil, beidh an Chomhairle Ealaíon agus Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann ag obair le chéile chun cláir Ealaíon a chómhaoiniú ar bhonn comhoibríoch trasteorann. 

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.