Oibrí curtha i bpríosún as ceamara a cheilt i leithris na mban ina ionad oibre


Dúradh sa chúirt go raibh ceamara ceilte i mbosca sláintíochta sa leithreas, agus go raibh cuma peann air
Gearradh téarma príosúnachta sé mhí ar fhear a d’oibrigh i réimse na teicneolaíochta faisnéise (TF) as ceamara ceilte a chur i leithris na mban san áit oibre aige.
Gearradh pianbhreith dhá bhliain ar fionraí air freisin mar gheall ar shealbhú 50 íomhá a bhaineann le mí-úsáid leanaí. Ní féidir a ainm a nochtadh, chun céannacht na mban a bhí le feiceáil sna híomhánna – mná a d’oibrigh sa bhfoirgneamh céanna – a chosaint.
Phléadáil sé ciontach os comhair Chúirt Choiriúil Chuarda Bhaile Átha Cliath as íomhánna pearsanta de mhná a thaifeadadh i leithreas i mí Dheireadh Fómhair 2024, agus as na híomhánna sin a bheith ina sheilbh – rud a dtugtar pornagrafaíocht leanaí air sa dlí. Níl aon chionta roimhe seo taifeadta ina choinne.
Dúirt garda a bhí i mbun an imscrúdaithe le Kieran Kelly BL, an t-abhcóide a bhí ag ionchúiseamh thar ceann an Stáit, gur aimsigh oibrí glantacháin an ceamara ar an 15 Deireadh Fómhair 2024. Bhí sé curtha i bhfolach i mbosca diúscartha táirgí sláintíochta sa leithreas, agus bhí cuma peann air.
Tharraing solas a bhí ag splancadh aird an oibrí ghlantacháin air, agus ba léir láithreach gur “gléas taifeadta físe ceilte” a bhí ann, a dúirt an garda leis an gCúirt.
Cuireadh an fhoireann slándála ar an eolas, agus chuir siadsan an comhlacht bainistíochta maoine ar an eolas ina dhiaidh sin; ina dhiaidh sin arís, tugadh an scéal faoi bhráid bhainisteoir acmhainní daonna an chomhlachta.
Chuala an Chúirt go raibh roinnt gearrthóga físe ar an ngléas, lena n-áirítear íomhá den fhear féin agus é á chur i bhfolach sa bhothán leithris. Aithníodh ceithre mhná eile sna híomhánna freisin.
Chuir daoine ceist ar an bhfear láithreach faoin eachtra, agus d’admhaigh sé go hiomlán cad a rinne sé. Díbríodh as a phost é agus cuireadh na Gardaí ar an eolas.
Níos déanaí, rinne sé admháil iomlán le linn agallaimh leis na Gardaí. Dúirt sé gur “botún uafásach” a bhí ann, agus d’admhaigh sé go raibh “spreagadh gnéasach” taobh thiar dá iompar. Dúirt sé gur cheannaigh sé an gléas ó mhiondíoltóir mór le rá.
Chuala an Chúirt gur rinneadh cuardach ina theach ina dhiaidh sin, agus gur aimsíodh roinnt gléasanna eile.
Aimsigh na Gardaí roinnt íomhánna a mheastar a bheith ina n-ábhar a bhaineann le mí-úsáid ghnéasach leanaí; léirigh na híomhánna sin páirteanna príobháideacha (na baill ghiniúna agus an réigiún anail) de chuid leanaí.
Aithníodh na mná a bhí i gceist agus rinneadh teagmháil leo. Chuir beirt acu ráitis faoi thionchar na coire ar íospartaigh faoi bhráid na Cúirte. I ráiteas tionchair íospartaigh ó dhuine de na mná seo, dúradh gur sáraíodh a “ceart bunúsach chun príobháideachais”.
Dúirt sí gur mhothaigh sí leochaileach, gur baineadh a “neamhspleáchas agus a suaimhneas intinne” di, agus go mbíodh sí ag smaoineamh go minic ar cé a d’fhéadfadh a bheith tar éis an scannánú a fheiceáil.
Thug sí le fios freisin, mura mbeadh an gléas aimsithe ag an duine a bhí i mbun glantacháin, go mbeadh sé críochnaithe i lámha an chosantóra. Dúirt sí go raibh sí buíoch gur aimsíodh é agus nár éirigh leis an bhfear teacht ar an scannánú riamh.
D’aontaigh an Garda le Giollaíosa Ó Lideadha SC, an t-abhcóide cosanta, go ndearna a chliant “admhálacha iomlána cuimsitheacha”.
Glacadh leis freisin gur ó scannánú i gcampa nudachais a tháinig na híomhánna a aimsíodh, agus gur measadh gur íomhánna nochta a bhí iontu, seachas íomhánna a bhain le gníomhaíocht ghnéasach a raibh páistí i gceist leo.
Íoslódáladh na híomhánna ó shuíomh gréasáin tar éis do chliant an abhcóide cuairt a thabhairt ar inneall cuardaigh áirithe.
Dúirt an tUasal Ó Lideadha go raibh a chliant ag éirí níos spleáiche ar fhéachaint ar phornagrafaíocht, agus gur fhorbair sé andúil a d’eascair as go dtí gur rinne sé an choir seo.
Dúirt sé go bhfuil léargas léirithe ag a chliant ó shin ar an bhfáth ar ghníomhaigh sé mar a rinne sé, agus go bhfuil sé tiomanta a chinntiú nach dtarlóidh a leithéid de iompar arís. Tá teaghlach tacúil aige.
Dúirt an t-abhcóide go raibh a chliant ag fulaingt le himní agus dúlagar ag an am, tar éis dó deireadh a theacht le caidreamh fadtéarmach agus tar éis bhás a sheanathar le déanaí.
Dúirt sé, in ainneoin go raibh go leor gnéithe dearfacha ina shaol ag an am, go raibh sé leochaileach ó thaobh na síceolaíochta de.
Dúirt an tUasal Ó Lideadha go dtuigeann a chliant “déine an tionchair” a bhí ag a ghníomhartha.
Dúirt an Breitheamh Martin Nolan go raibh an fear “tar éis plean a chur i gcrích chun cur isteach ar phríobháideachas na mban seo”, ag cur leis gur “go deonach” a rinne sé amhlaidh.
Ag gearradh an phionóis dó Dé Máirt, dúirt an Breitheamh Nolan gur “coir an-neamhghnách” a bhí sa chion a bhain leis an ngléas taifeadta, agus go raibh uasphionós dhá bhliain i gceist leis.
Dúirt sé go raibh na ráitis tionchair íospartaigh léite ag an gcúirt, gur “sárú tromchúiseach ar a bpríobháideachas” a bhí sa chion, agus “gan dabht, gur chuir sé an-chrá orthu”. Dúirt an breitheamh, cé go raibh maolú “suntasach” ann, gur chuir an cosantóir an gléas sa leithreas le “réamh-idirghabháil agus pleanáil”. Dúirt sé gur ghá pianbhreith choimeádta a ghearradh mar gur “chuaigh an iomarca machnaimh isteach ann” agus gur “coir sách insídiach” a bhí ann.
Ghearr an Breitheamh Nolan pianbhreith bliana amháin, agus na sé mhí dheireanacha ar fionraí i ndáil leis an gcéad chion agus pianbhreith dhá bhliain chomhuaineach as íomhánna mí-úsáide leanaí a bheith ina sheilbh. Cuireadh an téarma dhá bhliain seo ar fionraí go hiomlán.
Dúradh leis an gcúirt gur mian le beirt de na híospartaigh go n-aithneofaí an fear, agus nach mian leis an tríú duine.