Comhlacht ollmhór chun urraíocht a dhéanamh ar na Cluichí Oilimpeacha Speisialta arís


FICHE bliain ó shin, ba é Eir an t-urraitheoir do Chomórtas Samhraidh Dhomhanda na gCluichí Oilimpeacha Speisialta 2003, agus is iadsan a bheidh mar urraitheoir arís i mbliana.
Beidh foireann Chluichí Oilimpeacha Speisialta Éireann, a oibrithe deonacha, agus Foireann na hÉireann ag fáil urraíochta ón gcomhlacht. Beidh Eir ag déanamh cinnte de go mbeidh foireann Cluichí Oilimpeacha Speisialta na hÉireann nasctha leis an idirlíon agus iad ag taisteal. Fresin, beidh eir ag déanamh urraíochta ar éadaí agus trealamh na n-oibrithe deonacha.
Tá 73 lúthchleasaí ag Foireann Éireann ag glacadh páirte i 12 spórt, agus 60 oibrí deonach, ag dul go Beirlín an samhradh seo. Tá lúthchleasaithe ó gach cúige in Éirinn ag glacadh páirte.
Dúirt Matt English, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Cluichí Oilimpeacha Speisialta Éireann, “táimid an-bhródúil as an gcaidreamh a bhí againn le hEirear le daichead bliain anuas. Bhí tionchar mór ag an gcaidreamh ar phobail na gCluichí Oilimpeacha Speisialta ar fud na hÉireann. Táimid an-sásta go bhfuil urraíocht déanta ag Eir ar na héadaí spóirt don tuairim is 60 oibrí deonach a bheidh san arm glas ag taisteal go Beirlín i mí an Mheithimh seo chugainn."
Is é Beirlín, an Ghearmáin, an t-ionad do Chraobhchomórtais Dhomhanda Samhraidh na gCluichí Oilimpeacha Speisialta 2023, ón 17 go dtí an 25 Meitheamh. Glacfaidh níos mó ná 7,000 lúthchleasaí ó 190 tír páirt sna cluichí i 26 spórt éagsúil.
Dúirt Brian O’Callaghan, oibrí deonach agus athair lúthchleasaí sna Cluichí Oilimpeacha Speisialta, “Thosaigh mo thuras leis na Cluichí Oilimpeacha Speisialta i Luimneach i 2010 nuair a rugadh mo mhac le siondróm Down. Is gealltanas fadtéarmach é seo, agus táim an-bhródúil as a bheith páirteach sa phobal tacaíochta seo.”
Bunaíodh an eagraíocht um Chluichí Oilimpeacha Speisialta Éireann sa bhliain 1978. D’athraigh an eagraíocht an tír, ag cur deiseanna ar fáil do dhaoine a bhfuil riachtanais speisialta acu páirt a ghlacadh i spórt agus caitheamh aimsire, agus taisteal ar fud an domhain.