Search

06 Sep 2025

Scoth an cheoil ag Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair

Ye Vagabonds, Bláth na hÓige, The Bonny Men, Lillis Ó Laoire, Mairéad Ní Mhaonaigh, Eoghan Ó Ceannabháin, Grace Toland, Megan Nic Fhionnghaile, Gearóidín Breathnach, Rita Gallagher, Tara Connaghan, Rónán Galvin, Maitiú Ó Casaide, An Crann Óg , Ó Ghlúin Go Glúin agus go leor, leor eile.

Scoth an cheoil ag Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair

Mairéad Ní Mhaonaigh.

Beidh Féile Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair á fhoscailt ar an 27ú lá de mhí na Nollag ag an cócaire, ceoltóir agus amhránaí mór le rá Brian Danny Minnie Ó Domhnaill i dtí Hiúdaí Bhig.

Beidh ceol leis na ceoltóirí áitiúla An Crann Óg agus Ó Ghúin go Glúin as Béal Feirste ar an oíche. Beidh seisiún ceoil mór ann ina dhiaidh sin le críoch a chur leis an oíche, agus beidh fáilte roimh chách.
Tá Gaoth Dobhair lonnaithe i gcroí-lár Gaeltacht Thír Chonaill, áit a bheas sraith imeachtaí le scoth na gceoltóirí ar nós Ye Vagabonds, Bláth na hÓige, Lillis Ó Laoire, Mairéad Ní Mhaonaigh, Eoghan Ó Ceannabháin agus go leor, leor eile le linn an scoil Gheimhrish.

Beidh seisiúin cheoil ar fud an pharóiste do dhaoine atá ag leibhéil eagsúla, chomh maith le seoltaí
dlúthdhiosca chomh maith le ceardlanna ceoil, damhsa agus amhránaíochta. Beidh go léor ag súil le coisir na bliana úire leis na  Bonny Men, i láthair ghalánta úr ceoil Ghaoth Dobhair, The Social.
Ma tá suim agat a bheith ag foghlaim uirlísí ceoil traidisiúnta, ag rá amhráin nó ag damhsa, beidh ceardlanna á reachtáil ón 28ú lá go dtí an 31ú lá de mhí na Nollag i bPobalscoil Ghaoth Dobhair, An Luinnigh.

Beidh na ceardlanna a dteagasc ag cuid de na ceoltóirí is fearr sa tír ar nós, an phíobaire Maitiú Ó Casaide ón ngrúpa Na Bonny Men, seinnteoirí an chonsairtín Lorraine O’Brien agus Caitlín Nic Gabhann, fidléirí Clare Friel ón ngrúpa Altan, le Ciarán Ó Maonaigh, Méabh Ní Bheaglaoich ar an bhocsa ceoil, Eoghan Ó Ceannabhaín ar an fheadóg mhór, beidh cupla steip ar an tsean-nós a theagasc ag an sar-damhsóir Edwina Guckian agus go leor, leor eile.

Beidh Ceardlann amhránaíochta againn le Maireád Ní Mhaonaigh ón ngrúpa Altan ach tá sé lán go béal. Tá níos mó eolais le fáil faoi na ceardlanna ar an suíomh www.scoilgheimhridh.com.
Beidh imeachtaí na féile ag cur futhú i bPobalscoil Ghaoth Dobhair, Amharclann Ghaoth Dobhair, An Chrannóg, The Social Venue agus i dTeach Hiudaí Beag. Tá Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair buíoch go deo as an tacaíocht a fhaigheann sí ó lucht maoinithe na tíre ar nós An Comhairle Ealaíona agus ár gcuid urraitheoirí uilig.

Tá an tacaíocht seo fíor thabhachta don Scoil Gheimhridh, féile atá ag fás agus forbairt achan bhliain. Thig níos mo eolais agus ticéidí a fháil ar an suíomh -www.scoilgheimhridh.com nó thig libh dul i dteagmhal linn ag +353749532208 nó ríomhphost a chur chuig scoilgheimhridh2023@gmail.com

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.