Ceiliúradh ar siúl agus an leabharlann is nuaí in Éirinn á oscailt go hoifigiúil

Is í Leabharlann Bhaile Uí Ógáin i mBaile Átha Cliath an leabharlann is nuaí in Éirinnplaceholder image
Is í Leabharlann Bhaile Uí Ógáin i mBaile Átha Cliath an leabharlann is nuaí in Éirinn

An chéad leabharlann i nDún Laoghaire-Ráth an Dúin le spás tiomanta na gcéadfaí, áit thiomanta do dhéagóirí, stiúideo ceoil agus seomra cruthaitheachta

D’oscail an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary an leabharlann is nuaí in Éirinn i mBaile Uí Ógáin, Baile Átha Cliath 18 go hoifigiúil.

Fuair an leabharlann tacaíocht mhaoinithe de €450,000 faoi chlár nua de chuid na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobal, Clár Caipitil na Leabharlann, agus is é an chéad tionscadal arna cheadú faoin chlár a tugadh i gcrích.

Faoin tionscadal, athraíodh an halla spóirt i Lárionad Cathartha Samuel Beckett go hiomlán ina leabharlann den chéad scoth, a bheidh suite san fhoirgneamh in éineacht le raon seirbhísí eile cosúil leis an ionad pobail, INTREO agus an tIonad Acmhainní Teaghlaigh.

Agus é ag labhairt ag an oscailt oifigiúil i mBaile Uí Ógáin, dúirt an tAire Calleary: “Is cúis áthais dom an leabharlann is nuaí in Éirinn a oscailt go hoifigiúil i mBaile Uí Ógáin. Is príomhthosaíocht dom mar Aire infheistiú a dhéanamh inár seirbhís leabharlainne agus is cuid lárnach dár straitéis leabharlainne poiblí é.

“Cuirfidh an leabharlann seo seirbhísí for-rochtana ar fáil don bpobal seo chomh maith le deiseanna oideachais, cultúir, uasoiliúna, ionchuimsithe agus litearthachta.”

Beidh sí ar an chéad leabharlann i nDún Laoghaire-Rath an Dúin ina mbeidh spás tiomanta na gcéadfaí, láthair thiomanta do dhéagóirí, stiúideo ceoil agus seomra cruthaitheachta. Cuirfidh sí seirbhísí nua agus nuálacha ar fáil cosúil le ranganna teicneolaíochta cruthaithí, podchraoltóireacht, agus ranganna uasoiliúna digití d’úsáideoirí níos sine. 

Thug an tAire aitheantas freisin do ról fhoireann Chomhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin agus mhol sé an comhar idir rialtas lárnach agus rialtas áitiúil lenar cinntíodh go gcríochnaíodh an áis nua go rathúil.placeholder image
Thug an tAire aitheantas freisin do ról fhoireann Chomhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin agus mhol sé an comhar idir rialtas lárnach agus rialtas áitiúil lenar cinntíodh go gcríochnaíodh an áis nua go rathúil.

Dúirt an tAire Calleary é seo chomh maith: “Ceann de mhianta Straitéis na Leabharlann Poiblí ná go mbeidh leabharlanna i measc na bpríomhghnéithe i bpleanáil athnuachana uirbigh agus tuaithe agus i bpleanáil phobail, agus is cúis áthais dom go bhfuil aitheantas tugtha ag Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin don tábhacht a bhaineann leis sin tríd an chéad leabharlann riamh sa phobal seo, a bhfuil daonra s’aige ag dul i méid go mór, a chur ar bun.

“Ba mhaith liom an deis seo a thapú chun mo bhuíochas a ghabháil arís lenár bhfoirne leabharlainne díograiseacha, a chuireann go mór mór lenár seirbhís leabharlainne poiblí agus lenár bpobail.”

Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice