Ceapachán Donnchadh Uí Bhaoill ar choiste logainmneacha nua

Donnchadh Ó Baoill le hÉamonn Ó Ciardha agus mic léinn ó Ollscoil NE Boston, a thug cuairt ar Ghaeltacht Thír Chonaill le déanaí, ar chamchuairt faoi logainmneachaplaceholder image
Donnchadh Ó Baoill le hÉamonn Ó Ciardha agus mic léinn ó Ollscoil NE Boston, a thug cuairt ar Ghaeltacht Thír Chonaill le déanaí, ar chamchuairt faoi logainmneacha

Beidh an Coiste ag díriú ar na dréachtorduithe logainmneacha do roinnt contaetha a chlaochlú ina n-orduithe logainmneacha

D'fhógair an tAire Stáit Thomas Byrne TD ceapachán Donnchadh Uí Bhaoill ar an gCoiste Logainmneacha nua an tseachtain seo. Tá freagracht na Gaeilge agus na Gaeltachta ar an Aire Stáit Byrne sa Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.

Tá an chuid is mó dá shaol oibre caite ag Donnchadh Ó Baoill le hÚdarás na Gaeltachta i nGaeltacht Thír Chonaill. Ina theannta sin, tá suim mhór aige i gcúrsaí logainmneacha, cúrsaí timpeallachta agus sa stair áitiúil. Tá sé gníomhach i roinnt eagraíochtaí pobail a bhfuil na téamaí seo lárnach ina gcuid oibre agus tugann sé cur i láthair go rialta ar na hábhair chéanna.

Is é príomhchúram an Choiste Logainmneacha ná comhairle a chur ar an Aire maidir le leaganacha Gaeilge de logainmneacha na hÉireann a dhearbhú faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla. Beidh an Coiste ag díriú ar na dréachtorduithe logainmneacha do roinnt contaetha a chlaochlú ina n-orduithe logainmneacha.

Ag labhairt dó faoin gceapachán, dúirt an tAire Stáit Byrne: "Is cuid thar a bheith luachmhar dár n-oidhreacht iad logainmneacha na tíre, agus iad fréamhaithe go domhain i ndúchas ár muintire. Tá ról ríthábhachtach le bheith ag an gCoiste nua, le tacaíocht ó fhoireann an Bhrainse Logainmneacha i mo Roinn, ó thaobh comhairle a chur orm i dtaobh na leaganacha deimhnithe Gaeilge de logainmneacha an Stáit."

Tá téarma trí bliana ag an gCoiste Logainmneacha, agus feidhmíonn na baill go deonach. Tá Donnchadh Ó Baoill ina Fheidhmeannach Forbartha le hÚdarás na Gaeltachta i nDoirí Beaga, Co. Dhún na nGall, agus tá saineolas aige ar logainmneacha iarthar Thír Chonaill.

Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice