Beidh go leor réalta beo ar an stáitse ag Longitude i mbliana

placeholder image

Fógraíodh dátaí do cheolchoirm Longitude agus fógraíodh fosta go mbeidh Central Cee, Becky Hill agus Doja Cat ar an stáitse i 2024. 

Beidh an fhéile ar siúl i bPáirc Mharlaí i mBaile Átha Cliath Dé Sathairn 29 Meitheamh agus Dé Domhnaigh 30 Meitheamh. 

Beidh lúchair ar go leor go mbeidh Central Cee ar an ardán ar an Satharn le cois Becky Hill. Beidh Doja Cat ar an stáitse oíche Domhnaigh agus seo an chéad uair a bheas sí in Éirinn i mbliana. 

Beidh ticéid ar díol ón Aoine, Feabhra 2 ag trí Ticketmaster.

Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice