Beidh ceolchoirm ag an cheoltóir Ed Sheeran ar an Chlochán Liath

Ed Sheeran plays Pairc Ui Chaoimh for three nights this weekendplaceholder image
Ed Sheeran plays Pairc Ui Chaoimh for three nights this weekend

Lúchair ar fud fad an cheantar go mbeidh an réalt ag teacht go Dún na nGall

Fógraíodh go bhfuil an ceoltóir iomráiteach Ed Sheeran le theacht go dtí an Chlochán Liath, mar pháirt d'fhéile TownFest, i mí an Mheithimh. 

Rinne an Bridge Inn an dea-scéala a chraobhscaoileadh ar na meáin shosíalta ní ba luaithe inniu. 

Dúirt bainisteoir an Bridge Inn, Keith Neary, go bhfuil lúchair an domhain orthu go bhfuil an aoí ag teacht agus tuigtear do go ndéanfaí sé maitheas mhór don chontae i gcoitinne.

Ní bheidh an oiread sin ticeád ar fáil dón ócáid mar sin bígí ag faire ar na meáin shosíalta amárach, an Domhnach. 

Beidh go leor réailt eile ag teacht go dtí an Chlochán Liath ar an deireadh seachtaine baince i mí an Mheithimh. 

Related topics:
Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice