Athrú aeráide agus scrios timpeallachta a phlé ar TG4


Craolfar Tuilte Dé Céadaoin 21ú Feabhra ar 21:30 ar TG4.
Tugadh rabhadh 'code red don chine daonna' i dtuairisc ag na Náisiúin Aontaithe i 2021 mar gheall ar athrú aeráide agus ardú léibhéil na bhfarraigí, atá ag spreagadh adhaimsir neamhrialta na linne seo, agus a rachaidh i bhfeidhm ar an domhan.
Tá stoirmeacha agus fearthainn ag méadú bliain ar bhliain de bharr athrú aeráide agus scrios timpeallachta. Déantar grinnscrúdú ar chostas na dtuilte a thagann le clár faisnéise uair a chloig ar TG4.
Fiosraíonn lucht déanta an chláir na rioscaí tuilte is mó in Éirinn – ardú leibhéil farraige ar an chósta agus i gceantair ísle, chomh maith le fearthainn mhéadaithe agus teagmhais stoirme. Tá cónaí ar 40% den daonra gar don chósta, agus meastar go mbeidh baol tuilte ann do 70,000 teach in Éirinn faoi 2050. Scrúdaíonn an clár faiséise an tionchar a bhí ag tuilte ar phobail éagsúla timpeall na tíre – ag amharc ar an dochar a d’fhulaing pobal Iarthuaisceart Dhún na nGall le stoirmeacha móra i mí Lúnasa 2017.
Casann lucht déanta an chláir le grúpaí atá ag triail deachleachtais inbhuanaitheacha le héifeachtaí thuilte a laghdú, agus chun uisce a bhainistiú níos fearr. Tugann Trish Murphy agus an Inishowen
Rivers Trust cur síos do lucht féachana ar thús cadhnaíochta ar an oileán maidir le réitigh timpeallachta bunaithe ar an nádúr, díríthe ar an choincheap ‘Slow the Flow.’
Fiosraítear an tábhacht a bhaineann le bainistiú mhachairí tuilte i Muineachán, mar a
phléimid an bhuairt atá ar Chumann CLG Bhéal Átha Beithe go sáraítear a pháirceanna agus a chlubtheach ag na tuilte.
I mBéal Feirste, tá an gníomhaí timpeallachta radacach, Aaron Kelly, ar mhisean le spás a
thabhairt ar ais don nádúr, ag athchur crainn a thugann gnáthóg d’fhiadhúlra agus a shúnn isteach
fearthainn le linn stoirmeacha troma. I ndeisceart na cathrach, labhraitear le hionadaí de chuid an
Roinn Bonneagair faoin scéim nua laghdú tuilte taoide a bhfuil costas na milliún punt air.
Tá siopa seodra Níall MacNelis suite in aice leis an Phóirse i nGaillimh, agus le bliain is fiche ann,
bualadh a shiopa go dona faoi shé ag tuilte, a rinne damáiste don fhoirgneamh agus dá chuid
seodra. Pléann Níall an cruatan a d’fhulaing sé agus an dóigh a ndeachaigh sé i bhfeidhm ar a
mheabharshláinte. Casaimid ar ealaíontóir Ríonach Ní Néill a labhraíonn faoina mbuaireamh fan
todhchaí.
Cuireann an clár faisnéise seo fírinne na dtuilte agus athrú aeráide faoi chaibidil tríd lionsa na bpobal ar a dtéann siad i bhfeidhm, na hoibrithe deonacha agus grúpaí pobail atá gníomhach le maolú tuilte, agus na saineolaithe a thugann dúinn meastacháin athrú aeráide agus na bealaí is fearr le
troid in éadan tuilte agus ardú leibhéil farraige – agus na gníomhartha gur féidir linn a dhéanamh inár gceantar féin.
Craolfar Tuilte Dé Céadaoin 21ú Feabhra ar 21:30 ar TG4.
Leirithe ag Dearcán Media do TG4 le tacaíocht ón Chiste Craoltóireachta Gaeilge.