Aoibhín Ní Dheagha roghnaithe mar Chailín Gaelach Thír Chonaill

Tá Aoibhín Ní Dheagha mar bhall den ghrúpa ceoil an Crann Óg, agus tá dúil aici dul chuig feilte ceoil ar fud na tíre
Comhghairdeachas le Aoibhín Ní Dheagha, atá roghnaithe mar Chailín Gaelach Thír Chonaill 2023 agus beidh sí ag déanamh ionadaíocht do’n chontae anois sa Chomórtas Náisiúnta Peile na Gaeltachta a bheas ar siúl in sna Rossa an mhí seo chugainn.
Tógadh Aoibhín i gCois Cláidí. Ceann de na suimeanna is mó atá aici nó an ceol tradisiúnta. Tá sí mar bhall den ghrúpa ceoil an Crann Óg, agus tá dúil aici dul chuig feilte ceoil ar fud na tíre. Seinneann Aoibhín an fhidil, agus bíonn sí ag ceol roinnt amhrán áitiúla fosta. Creideann sí go bhfuil sé iontach tábhachtach an ceol áitiúl a thabhairt ó ghlúin go glúin.
Thosaigh Aoibhín a gnó Cácaí Aoibhín nuair a bhí sí 15. Anois ag scór bliain d’aois tá sí ag dul ó neart go neart ag bácáil d’ócaidí speisialta agus do shiopaí agus do chaifeanna ar fud chósta Dún na nGall.
I mbliana bronnadh an teideal ‘Fiontraí Óg na Bliana’ uirthi, mar gheall ar an obair mhór atá déanta aici lena gnó sa Ghaeltacht.