An tiriseoir cumasach Ailbhe Ó Monacháin le Cathal Póirtéir faoi agallaimh


Beidh ócáid mhór i gCultúrlann Uí Chanáin, Doire, Dé Luain 27 Samhain nuair a chuirfidh an t-iriseoir Ailbhe Ó Monacháin agallamh ar an scríbhneoir Cathal Póirtéir faoina leabhar úr An Tiarna George Hill agus Pobal Ghaoth Dobhair.
Bhí Hill ina thiarna talaimh i nGaoth Dobhair (1838-79), le linn tréimhse an drochshaoil agus na blianta achranach ina dhiaidh.
Bhí ainm Hill i mbéal an phobail fhad agus a mhair sé - molta go hard mar thiarna talaimh ag a lucht tacaíochta agus cáinte go láidir ag a fhreasúra.
Déanann an t-údar iarracht theacht ar fhírinne an scéil sa leabhar seo. Is cinnte go ndéanfaí an tiriseoir cumasach Ailbhe Ó Monacháin neart tochailte faoin scéil.