Search

15 Dec 2025

Uachtarán na hÉireann Catherine Connolly ar cuairt go RTÉ Raidió na Gaeltachta i gCasla, Conamara agus crann nua curtha aici

Chuir an tUachtarán crann nua taobh amuigh den stáisiún, nós ar chuir an tIarUachtarán Máire Mhic Róibín tús leis agus ar lean Micheál D Ó hUigínn chomh maith

Uachtarán na hÉireann Catherine Connolly ar cuairt go RTÉ Raidió na Gaeltachta i gCasla, Conamara agus crann nua curtha aici

Chuir an tUachtarán crann nua taobh amuigh den stáisiún, nós ar chuir an tIarUachtarán Máire Mhic Róibín tús leis agus ar lean Micheál D Ó hUigínn chomh maith

Thug Uachtarán na hÉireann, Catherine Connolly cuairt ar cheanncheathrú RTÉ Raidió na Gaeltachta i gCasla, Conamarale linn turais oifigiúil ar Chonamara.

Chuir an tUachtarán crann nua taobh amuigh den stáisiún, nós ar chuir an tIarUachtarán Máire Mhic Róibín tús leis agus ar lean Micheál D Ó hUigínn chomh maith. 

Dúirt Gearóid Mac Donncha, Ceannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta: “Tá ríméad orainn in RTÉ Raidió na Gaeltachta fáilte a chur roimh Uachtarán na hÉireann, Catherine Connolly, ar a cuairt speisialta chuig an gCeannáras i gCasla. Is ócáid stairiúil í seo a léiríonn an tábhacht agus an ról lárnach atá ag RnaG i gcroílár an phobail, pobal na Gaeltachta agus na Gaeilge."

LÉIGH TUILLEADH: B’fhéidir go mbeadh ar thaistealaithe Éireannacha chuig na Stáit Aontaithe cúig bliana dá stair sna meáin shóisialta a chur isteach

Dúirt sé freisin: "Ó bunaíodh an stáisiún breis agus 50 bliain ó shin, tá misean na seirbhíse soiléir: seirbhis chuimsiteach nuachta agus siamsaíochta a chur ar fáil don phobal. Níl aon amhras faoi ach go dtuigeann an tUachtarán Connolly an misean sin agus tá muid an-bhuíoch as an tacaíocht leanúnach a thugann sí don tseirbhís."

 

"Is lá speisialta é seo dúinn agus tá súil againn go mbainfidh sí taitneamh as an gcuairt. Guíonn muid gach rath uirthi agus í ag tabhairt faoina tréimhse mar Uachtarán na hÉireann agus beidh míle fáilte roimpi i gcónaí in RTE Raidió na Gaeltachta.” 

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.