Alt an Triail: Blas na haonarachta

placeholder image

Tá córas an teaghlaigh mar chreatlach (framework) drámatúil sa drama.

Is ciorcal nimhneach é mar sna caogaidí agus na seascaidí in Éirinn bhí rialacha an teaghlaigh

múnlaithe ag an Eaglais Chaitliceach.

Bhí an creideamh agus an chríostaíocht fite fuaite le coincheap an náire agus imeagla.

Caithfear cuimhneamh gurbh í clann Mháire a chuir an ruaig uirthi ar dtús toisc go raibh sí torrach

agus neamhphósta. Chomh maith leis sin caidreamh gnéasach a bhí aici le fear pósta.

Ba pheaca ollmhór é sin ag an am.

Mar sin cuireadh an ruaig ar Mháire agus sa tslí sin bhí sí deighilte amach ó thacaíocht na clainne.

Leanann blas na haonarachta í mar scáil (shadow) scanrúil as sin amach.

Tá Máire fágtha ina haonair ar leibhéal fisiciúil agus ar leibhéal mothúchánach.

Nuair a thréig a leannán Pádraig Mac Carthaigh í i slí chruálach osclaíodh súile Mháire maidir le

míthrócireacht agus easpa tuisceana an tsaoil.

Go dtí seo, is léir gur saol fothainiúil a bhí á cleachtadh ag Máire.

Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice