Aitheantas iontach faighte ag Kneecap i ndiaidh Sundance


Tá sé do chosúileacht ann go bhfuil an lá le Kneecap agus aitheantas domhanda faighte acu ó mór uaisle an tionscal scannánaíochta
Tá aitheantas agus moladh as cuimse faighte ag Kneecap le laethanta beaga anuas i ndiaidh don fhoireann freastal ar Féile Scannán Sundance i Utah.
Ócáid stairiúil a bhí ann nuair do tionscal scannánaíochta na hÉireann nuair a d'éirigh le Kneecap a bheith ar an chéad scannán Gaeilge a rinneadh craoladh ag an bhféile mór-aitheantais.
Bhí an scríbhneoir/stiúrthóir Rich Peppiatt agus réaltaí an scannáin, ina measc baill Kneecap, Mo Chara, Móglaí Bap agus DJ Próvaí mar aon le Simone Kirby, Jessica Reynolds agus Fionnuala Flaherty i láthair ag an première.
Tá sé do chosúileacht ann go bhfuil an lá le Kneecap agus aitheantas domhanda faighte acu ó mór uaisle an tionscal scannánaíochta.
Mhol Screen Daily an scannán agus rinneadh comparáid eadarthu agus na Young Offenders.
Fuair siad ardmholadh chomh maith ó The Wrap a mhol an scannán go hard na spéartha.
Dúirt Indy Wire go raibh an scannán speisíalta ó thaobh na haisteoireachta agus luaigh siad go raibh Moglaí Bap iontach mar aisteoir agus go ndéanamh siad a chéad scannán eile a choimheád go fonnmhar.
Kneecap, grúpa rapcheoil ceannródaíoch Gaeilge agus tugann an scannán cur síos ar an dóigh a dtáinig siad i gceann a chéile an chéad lá riamh. Agus iad i mbun aisteoireachta den chéad uair riamh, tá príomhpháirt ag baill an ghrúpa féin sa scannán: Mo Chara, Móglaí Bap agus DJ Próvaí.
Tá an triúr céanna i gcuideachta Michael Fassbender, aisteoir a ainmníodh do Dhuais Acadaimh, Steve Jobs, 12 Years a Slave, Simone Kirby, Hidden Assets, Jimmy’s Hall agus Josie Walker, Belfast, The Wonder.