Airgead á bhailiú d’Éireannach a chuaigh ar iarraidh san Astráil


Ba as Corcaigh do Damien Lucey ó dhúchas agus bhí conaí air san Astráil
Tá iarrachtaí idirlámha airgead á bhailiú d’fhear a chuaigh ar iarraidh agus é ag snámh san Astráil.
Bhí Brian Lucey, as Baile an Chollaigh, i gCorcaigh, ó dhúchas ar snámh sna Honeycombs, i mbaile Perth san Astráil, ar an 8ú lá de mhí Eanáir, nuair a chuaigh sé ar iarraidh.
D'ainneoin go leor cuardach níor chonacthas air go foill. Chuala daoine é ag glaoch ag lorg cuidigh ach nuair a chuaigh daoine i mbun cuardach ní raibh siad ábalta theacht air.
Dúradh go raibh saol ar dóigh ag Brian san Astráil. Bhí ardmheas sa bhaile air go maith agus go leor daoine ag lorg cuidigh ar a shon. Tá a theaghlach agus a chairde croi bhriste de bharr an méid a tharlaigh.
Táthar ag iarraidh ar dhaoine sintúis a dhéanamh le cuidiú. Is féidir sintúis a dhéanamh anseo.