Nochtann RTÉ liosta aíonna llán-réaltaí do *The Late Late Show* na seachtaine seo


Féach ar The Late Late Show ó 9.35in ar RTÉ One agus ar an RTÉ Player
Beidh Bob Geldof – amhránaí-cumadóir, údar, craoltóir agus duine de na guthanna daonnúla is cumhachtaí dár ré – i gcuideachta Patrick Kielty ar The Late Late Show oíche Dé hAoine seo.
Labhróidh Bob faoin tionchar agus faoin oidhreacht a d’fhág Live Aid ina dhiaidh – an t-imeacht suntasach sin ón 13 Iúil 1985 a bhí á fhéachaint ag breis agus 1.5 billiún duine ar fud an domhain. Ba imeacht é a d’athraigh stair an cheoil agus a bhailigh na milliúin chun cabhrú le deireadh a chur leis an ocras agus leis an mbochtaineacht.
Tabharfaidh sé súil siar freisin ar na himeachtaí a tharla roimh an lá mór sin, roinnfidh sé cuimhní pearsanta ón taobh thiar den stáitse, agus inseoidh sé conas a mhothaigh sé nuair a chonaic sé an scéal á chur in oiriúint mar cheoldráma stáitse – Just For One Day– a fuair ainmniúchán do dhuais Olivier agus a thiocfaidh go hÉirinn an bhliain seo chugainn.
Beidh Gary Kemp, réalta an ghrúpa Spandau Ballet – a sheas ar stáitse Live Aid i Staid Wembley chomh maith – i láthair chun labhairt faoina chuimhní ar an lá sin a chuir an domhan trína chéile.
Beidh an réalta grinn Kyla Cobbler i gcuideachta Patrick chun caint faoin mbliain dochreidte atá caite aici. Ós rud é go bhfuil gach ticéad díolta dá seó atá le teacht sa 3Arena, go bhfuil a dírbheathaisnéis scríofa aici, go bhfuil sí pósta anois agus go bhfuil sí ag súil lena céad pháiste, inseoidh sí do Patrick cén fáth a bhfuil sí buíoch as gach éacht, idir mhór agus bheag.
Ag teacht díreach ón túr – agus é ag déanamh a chéad láithriú ar The Late Late Show*– beidh an fuirseoir Sasanach James Acaster sa stiúideo; fear a bhí ina 'Thraitor' (fealltóir) sa chlár teilifíse cáiliúil, cé nach raibh sé beartaithe aige a bheith amhlaidh! Labhróidh sé faoin saol ar an taobh dorcha, faoi laethanta saoire in Éirinn agus faoina chlár grinn nua.
Beidh an réalta rugbaí Simon Zebo i láthair freisin chun labhairt faoi conas, i ndomhan idéalach, a bheadh sé ag imirt do chontae Chorcaí; faoin gcaoi ar thug a choimhlint le Joe Schmidt go Páras é; agus cén fáth a bhfuil grá chomh domhain sin aige do chúige Mumhan.
Féach ar The Late Late Show ó 9.35in ar RTÉ One agus ar an RTÉ Player.