Mark Feehily ó Westlife ag tabhairt cáis in aghaidh máinlia mar gheall ar obráid meáchain caillteanais


Tá an t-amhránaí Éireannach, atá 46 bliain d’aois, tar éis labhairt go poiblí faoina chuid fadhbanna sláinte thar na blianta, lena n-áirítear fadhbanna meáchain
Tá cás dlí faoi fhaillí leighis tionscanta ag an amhránaí Mark Feehily, ball den ghrúpa Westlife, i gcoinne máinlia a rinne obráid meáchain-chaillte a líomhnaítear a d’fhág go raibh seipsis athfhillteach ag dul dó.
Tá an t-amhránaí, atá 46 bliain d’aois, tar éis labhairt go poiblí faoi na fadhbanna sláinte a bhí aige le blianta beaga anuas agus a d’fhág gur éirigh sé as an ngrúpa go sealadach in 2024.
De réir *The Sunday Times*, thosaigh na deacrachtaí sláinte a bhí ag an amhránaí i mí Lúnasa 2020 tar éis dó obráid *laparoscopic sleeve gastrectomy* a fháil – cineál obráide meáchain-chaillte.
Thuairiscigh an nuachtán nár bhain an máinlia bairiatrach Nick Carter cuid mhór go leor dá bholg amach le linn na hobráide.
Deirtear gur chruthaigh an fíochán a fágadh ina dhiaidh sceitheadh a d’eascair as ionfhabhtuithe tromchúiseacha sa bolg agus seipsis athfhillteach, agus go raibh air fanacht san ospidéal go dtí gur cuireadh obráid air in 2023 chun a bholg ar fad a bhaint de – nós imeachta ar a dtugtar gastraictóime.
Tá foireann dlí Feehily, ag an gcomhlacht Leigh Day Solicitors, tar éis éileamh faoi fhaillí leighis a thaisceadh san Ard-Chúirt i gcoinne Carter ó shin.
Dúirt Suzanne White, comhpháirtí ag Leigh Day: “Táimid ag déanamh ionadaíochta ar phríomhamhránaí Westlife, Mark Feehily, i gcás faillí leighis san Ard-Chúirt i gcoinne an mháinlia Nick Carter, speisialtóir i máinliacht laparascópach, bairiatrach agus sa chonair uachtarach ghastraistéigeach.
“Bhí Mark tiomanta i gcónaí dá lucht leanúna a choinneáil ar an eolas faoina shláinte le linn tréimhse a bhí thar a bheith dúshlánach dó, ach thug sé aghaidh ar an scéal ar fad leis an neart agus leis an athléimneacht is dual dó.
“Tá an-bhuíochas ag Mark as an tacaíocht leanúnach. Chun meas a léiriú ar an bpróiseas cúirte atá ar siúl, ní bheidh sé ag déanamh aon tráchtaireachta faoi láthair.”
Rinneadh teagmháil leis an Uasal Carter le haghaidh tráchtaireachta. Thuairiscigh *The Sunday Times* go séanann sé go raibh aon fhaillí i gceist.
Tharraing Feehily siar ó cheolchoirmeacha le Westlife in 2022 mar gheall ar niúmóine, agus d’fhógair sé faoi dheireadh go raibh sé ag éirí as an mbanna i mí Feabhra 2024, roimh thuras an ghrúpa.
Bunaíodh Westlife sa bhliain 1998 agus bhí na baill seo a leanas sa bhanna: Feehily, Shane Filan, Kian Egan, Nicky Byrne agus Brian McFadden. Scoir siad in 2012 tar éis 14 bliana, ach tháinig siad le chéile arís in 2018 gan McFadden – a d’fhág an banna in 2004.
Tá an triúr atá fágtha ar camchuairt dhomhanda chomóraidh faoi láthair chun 25 bliain a mharcáil ó chuaigh an banna ar camchuairt le chéile den chéad uair; áirítear leis sin sraith ceolchoirmeacha – curiarracht ina leith – a mhair 13 oíche ag an 3Arena i mBaile Átha Cliath.
Tháinig deireadh leis an tsraith sin oíche Dé Sathairn agus beidh an banna ag seinm i nGlaschú, i Manchain, i Londain agus i gCaerdydd sna seachtainí amach romhainn.
Tá breis agus 55 milliún taifead díolta ag Westlife agus bhí 14 singil agus ocht n-albam acu a shroich an chéad áit sna cairteacha sa Ríocht Aontaithe.
Is fearr aithne ar an ngrúpa as na hamhráin mhóréilimh *Flying Without Wings*, *You Raise Me Up* agus *If I Let You Go*.