Tá níos lú ná mí ag imreoir crannchuir chun duais mhór a éileamh


Deir an Crannchur Náisiúnta nár éiligh imreoir fós an príomhdhuais €89k a bhuaigh siad i mí Iúil
Tá an Crannchur Náisiúnta ag iarraidh ar imreoirí Lotto i gceantar Miltown Malbay i gContae an Chláir a gcuid ticéad ón tarraingt Lotto Dé Sathairn, an 25 Iúil, a sheiceáil go práinneach, mar nár éilíodh duais luach €89,043 go fóill.
Ceannaíodh an ticéad buacach ‘Quick Pick’ ag McNamee’s Londis, Bank Place, Miltown Malbay, Co. an Chláir, ar lá na tarraingthe.
Ba iad seo a leanas na huimhreacha buacacha: 23, 24, 25, 42, 43, 46 agus ba é 37 an uimhir bhónais.
Tá 90 lá ag sealbhóirí ticéad an Chrannchuir Náisiúnta ón dáta a rinneadh an tarraingt chun a nduais a éileamh; ciallaíonn sé seo go bhfuil go dtí deireadh an lae oibre Dé hAoine, an 23 Deireadh Fómhair, ag an mbuaiteoir i gContae an Chláir chun an duais a éileamh – rud a chiallaíonn nach bhfuil ach níos lú ná mí amháin fágtha chun é sin a dhéanamh.
Molann urlabhraí an Chrannchuir Náisiúnta, Darragh O’Dwyer, go láidir do gach imreoir Lotto i gContae an Chláir a gcuid sean-ticéad ó dheireadh mhí Iúil a sheiceáil go cúramach lena chinntiú nach gcaillfidh siad an deis an duais iontach seo a éileamh.
“Tá súil againn cloisteáil ón imreoir Lotto i gContae an Chláir a bhuaigh €89,043 sa tarraingt Lotto Dé Sathairn, an 25 Iúil. Táimid ag spreagadh gach duine sa cheantar chun a gcuid ticéad ó mhí Iúil a sheiceáil go cúramach – d’fhéadfadh duais iontach a bheith i do sheilbh!”
Moltar don duine ádhúil a bhfuil an ticéad ina sheilbh aige nó aici síniú a chur ar chúl an ticéid, é a choinneáil in áit shábháilte, agus teagmháil a dhéanamh le foireann éilimh duaiseanna an Chrannchuir Náisiúnta chomh luath agus is féidir ag 1800 666 222 nó trí ríomhphost a sheoladh chuig [email protected].
Déanfar socruithe ina dhiaidh sin chun an duais a bhailiú.