Tuilleadh ragobair curtha ar fáil do ghardaí sa phríomhchathair


Dúradh go bhfuil an ragobair a chur ar fáil de bharr nach bhfuil go leor baill don Gharda Síochána ann le poiliniú cheart a dhéanamh ar shráideanna i mBaile Átha Cliath
Tá maoiniú breise de €10 milliún fógartha ag an Rialtas i ragobair do ghardaí i mBaile Átha Cliath.
Dúirt an tAire Dlí agus Cirt, Helen McEntee, go gcuirfear an t-airgead ar fáil ar an toirt le tuilleadh gardaí a chur ag obair ar shráideanna sa phríomhchathair.
D'fháiltigh Cumann Ionadaíochta an Gharda Síochána, an GRA, roimh an raiteas ach dúirt siad chomh maith go bhfuil an ragobair á chur ar fáil de bharr nach bhfuil go leor gardaí ann le sráideanna an phríomhchathair a choimheád.