Aire an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, Roderic O’Gorman
Tá sé ráite ag Aire an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, Roderic O’Gorman, go bhfuil obair ar bun sna pobail a chuideoidh le dhul i ngleic le iompar frithshóisialta.
Dúirt sé go mbeidh an méid a thit amach le gairid, go háirithe an ionsaí ar chuairteoir de chuid Mheiriceá, ina ábhar imní ag pobal an háite agus ag cuairteoirí i gcoitinne.
Thug ambasáid na Stát Aontaithe, i mBaile Átha Cliath, rabhadh do chuairteoirí chun na tíre. Dúradh leo seo a thagann go hÉirinn prófíl íseal a choinneáil.
Léirigh rabhadh ar an shuíomh ghreasáin an ambasáid ar an Cheadaoin cén dóigh is fearr a bheith sábháilte i mBaile Átha Cliath.
Rinneadh ionsaí chomh maith ar aisteoir ón Úcráin agus thug an Taoiseach Leo Varadkar cuairt air le rá go raibh sé buartha fán méid a tharla.
Thug an Taoiseach le fios go mbeadh dúshlán ann 1,000 garda úr a threanáil agus mhol sé go mbeadh pianbhreitheanna ní ba dhéine a ghearradh ag cúirteanna ar cóireanna a bhain le eachtraí frithshósíalta.
Ag labhairt do ar RTÉ, dúirt an O'Gorman go raibh sé ag díriú ar tuilleadh tacaíochta a chur ar fáil i gceantracha ina bhfuil sé de dhith agus go mbeadh seirbhisí agus cuidiú curtha ar fáil d'óganaigh.
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.