Coisí básaithe tar éis imbhuailte bóthair i mBaile Átha Cliath
.jpeg?trim=0,0,0,0&crop=&width=640&quality=70&enable=upscale)

Iarrann na Gardaí ar fhinnéithe teacht chun cinn tar éis eachtra mharfach ar an Luan saoire bainc
Tá na Gardaí ag iarraidh ar fhinnéithe teacht chun cinn tar éis do choisí bás a fháil in imbhualadh ar an mbóthar in iarthar Bhaile Átha Cliath.
Cuireadh na Gardaí agus seirbhísí éigeandála ar an eolas faoin eachtra – inar bhain carr agus coisí – ar Bhóthar Fonthill, i nGleann na Life (Liffey Valley), go gairid tar éis 5.30 i.n. Dé Luain.
"Dearbhaíodh go raibh an coisí – bean sna seascaidí – tar éis bháis ag an láthair. Níor tuairiscíodh aon ghortuithe eile," a dúirt urlabhraí ón nGarda Síochána. Dúirt sé freisin go bhfuil an cróinéir áitiúil curtha ar an eolas agus go ndéanfar socruithe le haghaidh scrúdú iarbháis.
Tá scrúduithe fóiréinseacha déanta ag an láthair, agus tá na Gardaí ag iarraidh ar aon duine a chonaic an t-imbhualadh seo teacht chun cinn.
Iarrtar ar úsáideoirí bóthair a raibh ceamara acu – ceamara deais (dash-cam) san áireamh – agus a bhí ag taisteal ar Bhóthar Fonthill i gceachtar den dá threo ag an am, an t-ábhar físe sin a chur ar fáil do na Gardaí atá i mbun an imscrúdaithe.
Má tá eolas ar bith ag aon duine, iarrtar orthu teagmháil a dhéanamh le Stáisiún Gardaí Ronanstown ar (01) 666 7700, le Líne Rúnda na nGardaí ar 1800 666 111, nó le haon Stáisiún Gardaí eile.