Search

06 Sep 2025

Plean Teanga Bhaile Seirbhíse Gaeltachta an Chlocháin seolta go hoifigiúil

Cuirfear suas le €96,000 ar fáil go bliantúil ar feadh tréimhse 7 mbliana do Forum Connemara

Plean Teanga Bhaile Seirbhíse Gaeltachta an Chlocháin seolta go hoifigiúil

Aire Stáit na Gaeltachta, Thomas Byrne

Tá an Plean Teanga do Bhaile Seirbhíse Gaeltachta ar an gClochán i gConamara, Contae na Gaillimhe, seolta go hoifigiúil.

Is í an eagraíocht Forum Connemara atá aitheanta mar cheanneagraíocht pleanála teanga agus a fheidhmeoidh plean teanga an Chlocháin. Is i nDeireadh Fómhair 2021 a cuireadh tús le réiteach an phleain agus tá 36 beart sa phlean teanga chun an Ghaeilge a chur chun cinn i gceantar an Chlocháin.

Tá ról suntasach ag an mbaile seirbhíse Gaeltachta i soláthar seirbhísí poiblí, saoráidí áineasa, sóisialta agus tráchtála don phobal sna limistéir phleanála teanga ar a bhfreastalaíonn sé. De thoradh air seo, imríonn Bailte Seirbhíse Gaeltachta tionchar suntasach agus dearfach ar stádas na Gaeilge mar theanga pobail agus teaghlaigh i gceantair Ghaeltachta.

Agus é ag fáiltiú roimh fhoilsiú an phleain, dúirt Aire Stáit na Gaeltachta, Thomas Byrne: “Ba mhaith liom tréaslú le Forum Connemara - Ceanneagraíocht ar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta An Chlocháin - agus le gach duine a bhí bainteach leis an bplean teanga a chur le chéile don Chlochán. Tabharfaidh an plean teanga deiseanna do phobal an cheantair a bheith lárnach sna hiarrachtaí an Ghaeilge a neartú ar an mbaile agus freastal ar na ceantair Ghaeltachta máguaird freisin.”

Is é Baile Seirbhíse Gaeltachta an Chlocháin an naoú Baile Seirbhíse Gaeltachta a bhfuil plean teanga ceadaithe dó.

Cuirfear suas le €96,000 ar fáil go bliantúil ar feadh tréimhse 7 mbliana do Forum Connemara chun Oifigeach Pleanála Teanga a fhostú agus an plean teanga a chur i bhfeidhm.

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.