Search

06 Sep 2025

Deir Coimisinéir na nGardaí go bhfuil sé tábhachtach go bhfuil Gaeilge ag gardaí sa Ghaeltacht

Deir Coimisinéir na nGardaí go bhfuil sé tábhachtach go bhfuil Gaeilge ag gardaí sa Ghaeltacht

Coimisinéir na nGardaí, Drew Harris.

Dúirt Coimisinéir na nGardaí, Drew Harris, go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh Gaeilge ag gardaí atá lonnaigh sa Ghaeltacht, ag cruinniú de Chomhchoiste Poilíneachta i Leitir Ceannain, ar an Luan.  

Dúirt an Choimisinéir go bhfuil iarrachtaí ar bun acu ranganna Gaeilge a chur ar fáil de ghardaí atá lonnaigh sa Ghaeltacht. 

Faoí láthair, tá dualgas reachtúil maidir le inniúlacht Ghaeilge na nGardaí atá lonnaithe sa Ghaeltacht. Deir Fo-alt 33(2) d’Acht an Gharda Síochána, 2005: “Déanfaidh Coimisinéir an Gharda Síochána, a mhéid is indéanta, a chinntiú go mbeidh comhaltaí den Gharda Síochána a bheidh ar stáisiún i ndúiche ina bhfuil limistéar Gaeltachta inniúil go leor sa Ghaeilge chun a chumasú dóibh í a úsáid go saoráideach le linn dóibh a ndualgais a chomhall.”

Rinne an Oifig an Choimisinéir Teanga imscrúdú ar an ábhar sa bhliain 2011. Nuair nár cuireadh i bhfeidhm go cuí moltaí an imscrúduithe sin i dtuairim an Choimisinéara, faoin bhliain 2021, leag an Choimisinéir Teanga tuarascáil ar an ábhar faoi gach teach den Oireachtas, mar a cheadaítear dó faoi alt 26(5) d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003. 

Tá cóip den tuarascáil sin ar fáil anseo: Tuarascáil chuig Tithe an Oireachtais.

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.