Nochtann buaiteoir an duais mhór Lotto €8.2 milliún a chuid pleananna taistil


Buaiteadh an Pota Óir Lotto, arbh fhiú €8,221,849 é, ar an 25 Iúil, agus ceannaíodh an ticéad buaiteach ag Obama Plaza i Moneygall.
D’iompaigh stad gnáthaimh ag Obama Plaza, ar an teorainn idir Tiobraid Árann agus Uíbh Fhailí, ina lá cinniúnach do shiondacáit Lotto a bhuaigh €8,221,849 – bua nach ndéanfaidh siad dearmad go deo air agus iad fós ag déanamh machnaimh ar an méid mór airgid atá buaite acu.
Thosaigh an scéal ar fad nuair a cheannaigh siad ticéad ‘Quick Pick’ agus iad ag stopadh le haghaidh bia; anois, is ócáid í nach rachaidh as a gcuimhne choíche.
Buaiteadh an Pota Óir Lotto, arbh fhiú €8,221,849 é, ar an 25 Iúil, agus ceannaíodh an ticéad buaiteach ag Obama Plaza i Moneygall.
Dúirt ball amháin den tsiondacáit, atá lonnaithe i dTiobraid Árann: “Tá an bua seo thar aon rud a d’fhéadfaimis a shamhlú riamh. Bhíomar ag gabháil thart ar Obama Plaza, stopamar le haghaidh bia agus cheannaíomar an ticéad gan mórán machnaimh a dhéanamh air. Níos déanaí, nuair a scan mé é ar an aip, tháinig teachtaireacht aníos a dúirt: ‘Tá bua mór faighte agat!’. Níor shíl mé riamh go ndéanfainn ticéad ar fiú €8.2 milliún é a scanadh!
“Bhí an turraing thar na bearta. Bhí orm cnagadh ar dhoras an tseomra folctha agus glaoch ar mo pháirtí teacht amach as an gcithfholcadán chun an rud a bhí á fheiceáil agam a thaispeáint dóibh. Bhí deora i mo shúile agus mé ag tuiscint i gceart cad a bhí tarlaithe. Fuaireamar an t-eolas ar lá chluiche ceannais na hÉireann, mar sin rinneamar magadh nach iad Maigh Eo amháin a fuair turraing an lá sin! Ó shin i leith, tá an ticéad coinnithe againn chomh gar dúinn agus is féidir. Bhí sé curtha i dtaisce go sábháilte agus tháinig sé linn ar saoire fiú, mar ní raibh aon seans go bhfágfaimis ina dhiaidh é.”
Deir an tsiondacáit go leanfaidh an saol ar aghaidh mar is gnáth, ach go dtugann an bua deis dóibh cuimhní cinn a chruthú a bhí ar bharr a liosta mianta le fada an lá.
Chomh maith le pleananna taistil, tá uaillmhianta acu maidir le rudaí níos gaire don bhaile freisin.
“Tá saol lán de dheiseanna oscailte againn a bhuíochas leis an mbua seo. Nuair a fhéachaimid ar léarscáil, is féidir linn tosú ag pleanáil na n-áiteanna ar fad ar shamhlaíomar riamh cuairt a thabhairt orthu. Tá Meiriceá Theas, breathnú ar na Soilse Thuaidh agus dul ar ár gcéad turas cúrsála riamh ar an liosta mianta. Tá an ticéad a tháinig linn ar saoire ina phas anois le haghaidh tuilleadh eachtraí! Níos gaire don bhaile, ba bhreá linn tabhairt faoi chúpla tionscadal sa teach agus teach gloine a thógáil inar féidir linn níos mó ama a chaitheamh ag baint taitnimh as ár ngrá don gharraíodóireacht!”