Ní bheidh athrú ar bith ar pholasaí i dtaca le tatúnna ar ghardaí

Garda Commissioner Drew Harris in Ballyconnell todayplaceholder image
Garda Commissioner Drew Harris in Ballyconnell today

Deir an coimisinéir go bhfuil tatúnna áirithe ann nach mbeadh inghlactha i gcásanna á mbíonn gardaí ag plé leo

Ní dhéanfar aon athrú ar an bpolasaí maidir le seodra aghaidhe nó tatúnna sofheicthe d’earcaigh úr an Gharda Síochána, a dúirt Coimisinéir an Gharda Síochána Drew Harris.

Dúirt an coimisinéir nach raibh fadhb le tatúnna muna bhfeictear iad ach go raibh sé tábhachtach go mbeadh cuma mhaith ar bhaill do an gharda síochána agus iad i mbun dualgais. 

Dúirt sé go raibh tatúnna áirithe nach raibh foirstineach ar ghardaí agus iad ag obair ar chásanna áirithe. 

D'iarr Cumann Ionadaíochta an Gharda Síochána athbhreithniú ar pholasaí an gharda síochána i ndiaidh gur cuireadh truir gharda faoi oiliúint na bhaile, de bharr go raibh tatúnna orthu, agus dúradh leo réitigh a fháil do na tatúnna a bhí orthu. 

Related topics:
Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice