Naoi n-ainmniúchán faighte ag TG4 do Ghradaim Theilifíse RTS

Tugann na gradaim aitheantas do bharr feabhais agus gaiscí in earnáil teilifíse na hÉireann

Naoi gcinn d’ainmniúcháin ar fad a fuair cláir de chuid TG4 do Ghradaim Theilifíse RTS a rinneadh a fhógairt inniu. Tugann na gradaim aitheantas do bharr feabhais agus gaiscí in earnáil teilifíse na hÉireann. 

Ina measc na cláir a fuair ainmniúcháin tá Doineann, DoubleBand Films, Cumasc: Seisiúin sa Black Gate, Black Gate Productions, Cois Móire, Cormorant Films, An Diabhal Inti, Lagan Media Productions, Cyril Cusack: Lár An Stáitse, Dearg Films,  Anton O'Toole - Finscéal de Shaol GAA,  Bankos Tales Productions, Laochra Gael - Terence McNaughton, Nemeton TV,  An Buachaill Gealgháireach, Imagine Media agus Bagatelle - Ómós do Liam Reilly, Four Quadrant Films.

Fógrófar na buaiteoirí tráthnóna Dé Máirt an 28 Márta ag ócáid in Óstán an Galmont i nGaillimh.   Is iad Caitlín Nic Aoidh agus Cormac Ó hEadhra a chuirfidh an ócáid i láthair agus beidh na ceoltóirí Mick Flannery agus Susan O’Neill agus an grúpa Bláth na hÓige ag ceol. 

Is iad TG4 a chuirfidh  oíche mhór na ngradam i láthair i mbliana.

Related topics:
Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice