Is Amharclann Ghaoth Dobhair a bheas mar stáitse ag an dráma úr Minimal Human Contact ó pheann an scríbhneoir cumusach Naoise Ó Cairealláin. Is fearr aithne ar Ó Cairealláin mar rapálaí leis an mhór-ghrúpa Kneecap.
Is 'glór úr as Gaeltacht uirbeach Iarthar Bhéal Feirste' a thugtar ar Ó Cairealláin agus é i mbun scríbhneoireachta don stáitse. Seó aonar atá Minimal Human Contact a déanann mionscagadh ar an chearrbhachas neamhshrianta, le toradh cartairseach a nochtadh.
Ag labhairt do ag an Dublin Fringe Festival dúirt Naoise gur tógadh é i gceantar a bhí breac le siopaí geallghlacdoraí agus nach raibh iontas ar bith gur thit seisan agus a chuid cairde isteach ann: "Bhí mise agus mo chuid cairde iontach tógtha leis an cearrbhachais agus muid ag fás aníos. Tá cuid mhór bookies in iarthar Bhéal Feirste agus ní nach ionadh gur thit muid isteach ann. Ar ndóighe fuair mé neart ionspioráide uadh sin," ar sé.
Agus é i mbun ceirde, d'fhoghlainn sé go raibh sé feiliúnach greann agus dáirireacht a chur taobh le taobh san scríbhneoireacht.
Dar leis gur fadhb mór é an carrbhachas ach nach bhfuil an dráma ina iomláin faoin fhadhb seo. Deir Ó Cairealláin go bhfuil an dráma faoi aistear an fear óg seo agus faoin dóigh a dtéann fadhbanna i bhfóstach i gcinn dhaoine atá ag streacháilt leis an saol.
"Tá scéal eile thíos faoin chearrbhachais agus beidh ort dhul chuig an dráma le sin a fheiceáil," ar sé.
Beidh an dráma Minimal Human Contact le compántas amharclainne Aisling Ghéar in Amharclann Ghaoth Dobhair ar Márta 7ú ar 8in.
Tá dhá ainmniúcháin sna Irish Times Theatre Awards faighte ag an dráma. Tá ainmniúchán ag an taisteoir, Seán T Ó Meallaigh, le haighaidh an taisteoir is fearr agus tá ainmniúchán don dearadh fiseán is fearr faighte ag Mags Mulvey.
Beidh aistriúchán comhuaineach ar fáil, a mhairfeas dhá scór bomaite.
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.