Tá Daidí na Nollag ag teacht! Cead tugtha don phríomhfhear dul isteach in aerspás na hÉireann


TÁ AN solas glas tugtha ag Daidí na Nollag chun dul isteach in Aerspás na hÉireann an Nollaig seo.
D'fhógair an Taoiseach Leo Varadkar an dea-scéal inniu - tá sé ag teacht!
Dúirt an Taoiseach: “Ba mhaith liom a dhearbhú go bhfuil cead ag Daidí na Nollag dul isteach ar aerspás na hÉireann agus ár dteorainneacha a thrasnú ó 24 Nollaig go 25 Nollaig.
“Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an IAA, leis an Roinn Talmhaíochta agus leis na Coimisinéirí Ioncaim as ligean do dhíolúintí riachtanacha tarlú”.