Search

06 Sep 2025

Fógraíonn Bus Éireann feabhas ar sheirbhísí maidir le bealach a bhfuil tóir air

Fógraíonn Bus Éireann feabhas ar sheirbhísí maidir le bealach a bhfuil tóir air

TÁ ÁTHAS ar chomhlacht náisiúnta busanna na hÉireann, Bus Éireann, an feabhas ar mór ar sheirbhísí agus ar amchláir a fhógairt maidir le Bealach 424, Gaillimh go Leitir Mealláin, a thiocfaidh i bhfeidhm Dé Domhnaigh an 17 Nollaig.  

Is cuid den Phlean Soghluaisteachta Tuaithe é an feabhas ar Bhealach 424, ar mórthionscnamh iompair phoiblí náisiúnta é a d’fhorbair agus a mhaoinigh an tÚdarás Náisiúnta Iompair (NTA) mar chuid den Ghréasán Transport for Ireland (TFI).  

Cuirfidh Bealach 424, Gaillimh go Leitir Mealláin, seirbhís agus minicíocht i bhfad níos mó ar fáil seacht lá na seachtaine le huaireanta oibriúcháin leathnaithe, ón Luan go go dtí Domhnach.

Leis an bhfeabhas ar an tseirbhís, cuirfear ar fáil 20 turas fillte ón Luan go dtí an Satharn agus méadú is mó ná dúbailt ar an minicíocht Dé Domhnaigh, le 16 thuras fillte lena gcuirtear nascacht níos fearr le Stáisiún Ceannt na Gaillimhe agus Leitir Mealláin ar fáil do phaisinéirí.   

Freastalóidh Bealach 424 ar Ghaillimh, Bearna, Na Forbacha, an Spidéal, Indreabhán, Ros an Mhíl, Casla, An Cheathrú Rua, Leitir Mealláin/Carna. 

“Tá ríméad ar Bhus Éireann an feabhas ar na seirbhísí seo idir Gaillimh agus Leitir Mealláin a thabhairt isteach, fágfaidh siad go mbeidh feabhas mór ar an minicíocht agus uaireanta oibriúcháin leathnaithe ann seacht lá na seachtaine.

Le himeacht luath dar tús 6.00rn sa dá threo agus imeacht déanach ó Leitir Mealláin ag 23.30in ón Luan go dtí an Satharn. Dé Domhnaigh beidh imeacht 6.15rn ó Leitir Mealláin, agus imeacht deiridh 22.00in sa dá threo,” arsa Brian Connolly, Bus Éireann, Bainisteoir Sinsearach Oibríochtaí an Iarthair.

“A bhuí leis an Údarás Náisiúnta Iompair, tríd an bPlean Soghluaisteachta Tuaithe Éire a Nascadh, chuireamar beagnach 1.8 milliún ciliméadar lenár ngréasán an mhí seo, chruthaíomar os cionn 58 bpost nua, agus leis an bhfeabhas ar an tseirbhís seo cuirfear ar ár gcumas ár líon custaiméirí atá ag dul i méid a nascadh leo siúd agus leis na nithe is tábhachtaí dóibh.”

“Tá ríméad orainn fáilte a chur roimh na feabhsuithe seirbhíse ar Bhealach 424, An Clochán go Cathair na Mart,” arsa Kenny Deery, Príomhfheidhmeannach Chumann Tráchtála na Gaillimhe.

“An méadú ar mhinicíocht na seirbhísí seo chomh maith leis an bhfeabhas ar an nascacht le Leitir Mealláin, beidh tionchar an-dearfach aige ar na pobail áitiúla agus ar na gnólachtaí a fhreastalaíonn orthu mar go gcuireann an t-iompar poiblí nasc ríthábhachtach ar fáil do mhuintir na háite agus do ghnólachtaí araon sa tslí gur féidir an leas is fearr a bhaint as an acmhainneacht don réigiún agus don chathair ina hiomláine”.

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.