Iarmhair de dheichniúr naíonán eile faighte ag iar-theach do mháithreacha agus do leanaí


Táthar ag iarraidh iarsmaí na naíonán a fuair bás i dteach máithreacha agus leanaí St Mary i dTuaim idir 1925 agus 1961 a aithint trí bhíthin na tochailte atá ar siúl ann
Tá iarsmaí de dheichniúr naíonán eile aisghafa ó shuíomh iar-theach do mháithreacha agus do leanaí i gContae na Gaillimhe.
Aimsíodh iad i gcónraí i gcuid den talamh a ndearnadh tochailt láimhe uirthi ag foireann tochailte fóiréinsí de chuid Oifig an Stiúrthóra um Idirghabháil Údaraithe, Tuaim (Odait).
Leis an gcuardach, a thosaigh i mí Iúil na bliana seo caite, tá iarsmaí de 109 naíonán aimsithe ar an suíomh go dtí seo.
Aimsíodh na hiarsmaí naíonán is déanaí le linn na tréimhse cuardaigh idir an 16 Iúil agus an 30 Meán Fómhair, agus rinneadh an obair trí thochailt láimhe i limistéar a bhí marcáilte mar “phuball 2”.
Deimhníodh go raibh fianaise ann go raibh cónraí i gceist leis na hiarsmaí go léir a thángthas orthu le déanaí.
Fágann sé sin gur 32 naíonán san iomlán atá aisghafa ón gcuid áirithe seo den suíomh, agus gur 109 duine san iomlán atá i gceist leis na hiarsmaí daonna institiúideacha atá aisghafa ón suíomh trí chéile.
Táthar ag iarraidh, tríd an tochailt ar iar-theach do mháithreacha agus do leanaí Naomh Muire i dTuaim, iarsmaí na naíonán a fuair bás sa teach idir 1925 agus 1961 a aithint.
Sa bhliain 2014, léirigh taighde faoi stiúir an staraí áitiúil Catherine Corless gur cuireadh 796 leanbh agus páiste óg i gcóras séarachais ag an institiúid i gContae na Gaillimhe le linn na tréimhse sin.
Tá an obair chun iarsmaí uile na hinstitiúide do mháithreacha agus do leanaí atá inrochtana a aisghabháil críochnaithe sa limistéar a bhí marcáilte mar ‘phuball 2’, agus cuireadh sos leis an bpróiseas tochailte chun ligean don phuball reatha a dhíchóimeáil agus puball níos mó, a bheidh marcáilte mar ‘phuball 3’, a chur ina áit.
Cuirfidh an puball níos mó ar chumas Odait tochailt a dhéanamh ar an limistéar ar fad, suas go dtí an seanbhalla teorann a bhíodh ag tailte na hinstitiúide agus thairis sin, de réir mar a éilíonn an tochailt fhóiréinseach.
Dúradh sa tuarascáil freisin go bhfuiltear fós ag teacht ar fhianaise i bhfoirm déantúsán óna tréimhsí stairiúla go léir a bhaineann leis an suíomh.
Luaíodh sa tuarascáil chomh maith go bhfuil an obair chun an reachtaíocht maidir le hadhlacthaí institiúideacha a leasú – ionas go n-áireofaí colceathracha mar bhaill teaghlaigh incháilithe – ar siúl i gcónaí, agus oifigigh ón Roinn Leanaí, Comhionannais agus Míchumais ag obair i gcomhar le hOifig an Ard-Aighne. Tá an Bille curtha faoi bhráid an Rialtais anois agus táthar ag súil go bhfoilseofar é sna laethanta amach romhainn; ina dhiaidh sin, rachaidh sé trí Thithe an Oireachtais mar chuid den phróiseas reachtach.
Le linn na tréimhse tuairiscithe seo, bhailigh Odait 12 shampla tagartha DNA breise, ar seachadadh iad chuig Forensic Science Ireland (FSI).
Fágann sé sin gur 74 an líon iomlán samplaí tagartha DNA a tógadh.
Tá achainí déanta ag Odait ar aon duine a chreideann go bhféadfadh ball dá dteaghlach a bheith curtha ag láthair an iar-Institiúid do Mháithreacha agus do Leanaí i dTuaim, teagmháil a dhéanamh lena n-oifig.
“Is féidir lenár bhfoireann freagra a thabhairt ar aon cheisteanna agus cabhrú leat tríd an bpróiseas,” a dúirt siad sa tuarascáil.
Tá anailís fhóiréinseach ar siúl anois sa Saoráid Fhóiréinseach agus sa Mhoirg a osclaíodh le déanaí, atá suite gar don láthair tochailte i dTuaim.
Sa bhliain 2017, fuair coimisiún amach go raibh “méideanna suntasacha” d’iarsmaí leanaí agus naíonán i dtaiscumair faoi thalamh a raibh seomraí iontu, suite i limistéar an ghairdín cuimhneacháin ar an láthair.