Fás agus forbairt ar foghlaim na Gaeilge mar gheall ar An Cailin Ciúin

An Cailin Ciúinplaceholder image
An Cailin Ciúin

"Tá an t-ardú le feiscint in Éirinn agus thar lear. Is iontach an rud é don teanga scannán mór Gaeilge a bheith ar an bhfód agus ag tarraignt airde ar áilleacht agus draíocht na Gaeilge" - Aisling Ní Dhonnabháin

Deir Aisling Ní Dhonnabháin go bhfuil thart ar 20% níos mó duine ag foghlaim Gaeilge le bliain anuas ó tháinig an Cailiín Ciúin ar an bhfód agus go bhfuil fás tagtha chomh maith ar líon na gcraobhacha thar lear, go háirithe i Meiriceá.

Tá ina feidhmeannach ballraíochta agus oideachais le Conradh na Gaeilge agus í lonnaithe i mBaile Átha Cliath.

Dúirt sí: "Bím ag plé le baill agus craobhacha Chonradh na Gaeilge ar fud an domhain agus ag cur cúrsaí agus ranganna Gaeilge ar fáil do dhaoine fásta i mBaile Átha Cliath agus ar-líne. Táim lonnaithe i mBaile Átha Cliath."

Bíonn trí théarma á reachtáil ag Conradh na Gaeilge go bliantúil agus maireann gach téarma 10 seachtain. Bíonn ranganna eile acu amhail comhdháil an Earraigh, dianchúrsa Lúnasa agus ranganna Gaeilge do thuismitheoirí.

"Tá an t-ardú le feiscint in Éirinn agus thar lear. Is iontach an rud é don teanga scannán mór Gaeilge a bheith ar an bhfód agus ag tarraignt airde ar áilleacht agus draíocht na Gaeilge," a dúirt sí. 

Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice