Search

06 Sep 2025

Direofar ar scéal Arlene Arkinson in Marú inár Measc oíche Cheadaoine

Sraith faisnéise atá in Marú inár Measc atá bunaithe ar choirscéalta fírinneacha ina dtugtar léargas ar an tionchar a imríonn coireanna marfacha ar an tsochaí, ar phobail áitiúla agus ar theaghlach an íospartaigh nuair nach bhfuil aon réiteach ceart ar an gcás

Direofar ar scéal Arlene Arkinson in Marú inár Measc oíche Cheadaoine

Arlene Arkinson

Déanfar scéal Arlene Arkinson, 15, a insé mar pháirt do shraith úr atá ag TG4, oíche Cheadaoine, Márta 29. Sraith faisnéise atá in Marú inár Measc atá bunaithe ar choirscéalta fírinneacha ina dtugtar léargas ar an tionchar a imríonn coireanna marfacha ar an tsochaí, ar phobail áitiúla agus ar theaghlach an íospartaigh nuair nach bhfuil aon réiteach ceart ar an gcás.

Ní raibh Arlen Arkinson ach 15 bliana déag nuair a chuaigh sí ar iarraidh ar Lúnasa 14, 1994 nuair a d’fhág sí a teach cónaithe i gCaisleán na Deirge, Contae Thír Eoghain le dul chuig dioscó a bhí ar siúl i mBun Dobhráin.

Ní bhfuarthas a corp riamh ach rialófaí 20 bliain ina dhiaidh ag ionchoisne gurb é gur fhuadaigh agus gur dhúnmharaigh an marfóir sraitheach Robert Howard í. Tá a teaghlach fós ag cuardach a cuid taisí go dtí an lá atá inniu ann.

Déanfar míreanna faisnéise breathnaitheacha a chumasc le príomhfhianaisí ó na daoine a dtéann an tragóid i gcion go mór orthu fós. Tabharfar léargas i ngach clár faisnéise ar an gcaoi a leanann teaghlaigh atá faoi scáth an bhróin, duine muinteartha agus na pobail ina bhfuil cónaí orthu ar aghaidh leis an saol agus leis an bhfeachtas ar son an chirt na cásanna a choinneáil beo agus i mbéal an phobail. 

Tabharfaidh na cuntais fhíorphearsanta seo léargas ar an tionchar a bhíonn ag na coireanna seo ar dhaoine, ar an teaghlach, ar dhuine muinteartha agus ar an bpobal ar fad.

Mar chuid freisin den tsraith áireofar agallaimh leis na gardaí a raibh baint acu leis an gcás; an chéad dream ar an láthair agus iadsan a chur agallamh ag an am ar an té a rinne an choir, beidh agallaimh an-phearsanta sa tsraith le muintir agus le cairde na ndaoine a dúnmharaíodh agus iad ag leanúint leis an bhfeachtas ar son an chirt go dtí an lá atá inniu ann.

Is í Doireann Ní Bhriain a bheidh i mbun tráchtaireachta ar Marú inár Measc. Beidh agallaimh leis an tuairisceoir coireachta a bhfuil gradaim buaite aige, Stephen Breen, le Alan Bailey, iar-bhleachtaire fuarchásanna agus le stiúrthóir Líonra Éigeandála um Éigniú na hÉireann, Clíona Saidléar, mar chuid den tsraith chomh maith le go leor iriseoirí mór le rá agus le saineolaithe.

Ní fhéadfaí an tsraith seo a dhéanamh gan comhoibriú a bheith faighte againn ó gach teaghlach agus duine muinteartha a roinn a scéal féin linn agus a thug cead dúinn míreanna a thaifeadadh leo, ar phribhléid é.

Tabharfar chun cuimhne sa chlár a bheidh le craoladh ar an 5 Aibreán 2023, dúnmharú brúidiúil Josie Joyce. Baitsiléir 69 mbliana ab ea Josie agus sádh nach mór 40 uair é in ionsaí fíochmhar agus é ag siúl abhaile ón teach tábhairne i gCathair na Mart i gCo. Mhaigh Eo ar an 3 Meán Fómhair 1983.  Stop an saol ar feadh scaithimh i gCathair na Mart nuair a bhí an cuardach ar bun don mharfóir agus d’fhág a bhás brúidiúil a lorg go buan ar an mbaile beag álainn cois cósta seo.  

I gclár a 4 a chraolfar ar an 12 Aibreán 2023, déanfaidh teaghlach Amanda Jenkins cur síos ar an dúnmharú brúidiúil a rinne an fear a bhí geallta léi, Stephen Carney, ina n-árasán ar Shráid Shéamais sna Saoirsí i mBaile Átha Cliath ar an 5 Deireadh Fómhair 2007. Ní raibh Amanda ach 27 mbliana d’aois. Fágadh a corp san árasán ar feadh beagnach trí lá fad is a bhí a dúnmharfóir ar ragairne óil agus drugaí.   Tá faitíos an domhain ar a muintir croíbhriste faoin lá a bheidh sé le scaoileadh as an bpríosún, lá atá ag druidim linn go tiubh.

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.